This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Stair Chonradh na Gaeilge

Bunaíodh an eagraíocht Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís, mar gheall ar an mheath tubáisteach a tháinig ar an Ghaeilge sa 19ú haois in Éirinn i ndiaidh an Drochshaoil. Ba iad Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus Eoghan Ó Gramhnaigh ba mhó a bhí chun tosaigh san eagraíocht sna luathbhlianta.

Tháinig an chéad chruinniú de Chonradh na Gaeilge le chéile in uimhir a naoi, Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill sa lá atá inniu ann) agus ba é Eoin Mac Néill a d’eagraigh an chéad chruinniú sin. Dhá bhliain roimhe sin, thug Dubhghlas de hÍde óráid do Chumann na Gaeilge faoi, ‘The necessity for de-anglcising Ireland’ (www.gaeilge.org/deanglicising.html) a bhí mar spreagadh do Mac Néill agus roinnt eile. Bhí de hÍde den tuairim go raibh muintir na hÉireann ag déanamh aithrise ar theanga agus ar nósanna Shasana agus gurbh fhearr do mhuintir na hÉireann teanga dá cuid féin a labhairt agus nósanna dá chuid féin a chleachtadh. Go bunúsach, bhí de hÍde den bharúil go raibh an tÉireannach ag déanamh aithrise ar theanga agus ar nósanna Shasana, agus gurb ábhar áthais dó, mar Éireannach, gach taisme nó tubaiste a d'éiríodh do Shasana. Ba í tuairim de hÍde ná go mbeadh an tÉireannach ábalta dul i dteagmháil leis an Sasanach féin ar bhonn ní ba chothroime, dá mbeadh teanga dá chuid féin á labhairt aige agus nósanna dá chuid féin á gcleachtadh aige.

Bhí eagraíochtaí Gaeilge ann roimhe sin, Aontas na Gaeilge agus Cumann Buan-Choiméadta na Gaeilge, ach bhí spéis acu i lámhscríbhinní agus sa tseanfhilíochta, ní sa teanga bheo.

Is daoine óga a bhí lán fuinnimh a bhunaigh an Conradh, agus ba é Dubhghlas de hÍde an chéad uachtarán ar an Chonradh.

An Eagraíocht ag Forbairt agus Múinteoirí Taistil
Cé go raibh Conradh na Gaeilge gníomhach sa phríomhchathair amháin ag an tús, níorbh fhada gur thosaigh craobhacha ag teacht chun cinn fud fad na hÉireann agus ba léir go raibh tionchar ag an Chonradh ar chinniúint na teanga ar fud na tíre. Nuair a bunaíodh craobh i gceantar, ba ghnách le múinteoirí taistil dul ó áit go háit (ar rothair de ghnáth) ag teagasc na Gaeilge sna háiteanna ina raibh an teanga ag dul i meath, nó ina raibh sé marbh.

Na Scoileanna Samhraidh
Sna blianta 1904-1912, bunaíodh fiche scoil le Gaeilge a mhúineadh do na hábhair mhúinteora. Ó tharla nach raibh scoileanna traenála ag an Stát le múinteoirí dátheangacha a oiliúint le haghaidh na Gaeltachta, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na húdaráis ach stádais oifigiúil a bhronnadh ar scoileanna samhraidh an Chonartha.

An Conradh agus an Pholaitíocht
Bhí ag éirí go geal leis an Chonradh ach nuair a tháinig ceist na polaitíochta chun cinn, d’éirigh deacrachtaí ann. Bhí daoine áirithe sa Chonradh a bhí ag iarraidh tacú le gluaiseacht an náisiúnachais, agus bhí daoine eile ann a shíl gurbh fhearr don Chonradh a bheith neamhspleách. Baill den chonradh a bhí i gcuid mhór de na daoine a bhí páirteach in Éirí Amach 1916 agus ar an ábhar sin bhí go leor den tuairim go raibh an Conradh agus an feachtas míleata chun Éire a shaorú fite fuaite fríd a chéile.

Comhaltas Uladh
I ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann sa bhliain 1922, bhunaigh Gaeilgeoirí an Tuaiscirt eagraíocht leath neamhspleách dá gcuid féin, mar atá, Comhaltas Uladh. Ní raibh an Conradh ag feidhmiú mar is ceart i gCúige Uladh agus chonacthas do roinnt daoine, an tAthair Lorcán Ó Muirí ina measc, go raibh gá le heagraíocht a dhéanfadh freastal ar Ghaeilge Chúige Uladh. Go hoifigiúil, is cuid den Chonradh é, cé gur féidir a rá go bhfuil polasaí agus próifíl dá chuid féin aige. Tháinig an Comhaltas ar an bhfód sa bhliain 1926.

Taisc – Tá an t-ullmhúchán seo le déanamh roimh an Déardaoin. Níl sna nótaí thuas ach treoracha, agus is féidir teacht ar chuid mhór eolais faoi Chonradh na Gaeilge ar líne.

1) Aimsigh eolas ar na daoine seo a leanas:
Eoin Mac Néill, Dubhghlas de hÍde, An tAthair Lorcán Ó Muirí (Ó Muireadhaigh)
2) Cá mhéad craobh de Chonradh na Gaeilge atá ann anois in Éirinn agus fud fad an domhain?
3) Cén fheidhm atá le Conradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann?
4) Cén bhaint atá ag Comhaltas Uladh le Coláistí Samhraidh Dhún na nGall?
5) Cad é iris oifigiúil Chonradh na Gaeilge agus Chomhaltas Uladh (dhá iris).
6) Cé hé Uachtarán Chonradh na Gaeilge?
Naisc sheachtracha
• Suíomh oifigiúil CnaG
• An tOireachtas
• Seachtain na Gaeilge

Short url:   http://multidict.net/cs/1000