This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Gúm

An Gúm
Bunaíodh An Gúm sa bhliain 1926, mar bhrainse de chuid Chonradh na Gaeilge chun saothar flúirseach léitheoireachta a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, idir shaothar bunúil agus shaothar aistrithe.

Go hoifigiúil ba é an seasamh a bhí ag An Gúm, ná go raibh “an-éileamh ag an phobal” ar na haistriúcháin seo agus gur cuireadh aistriúchán de “leabhair mhóra an Bhéarla, na Fraincise, na Gearmáinise agus mar sin” ar fáil.

Agus mar a léiríodh cheana féin bhí an smaoineamh ann go mbeadh an t-aistriúchán liteartha mar uirlis chumhachtach i bhforbairt na Gaeilge agus de réir cosúlachtaí, d’aithin An Gúm tábhacht agus an éifeacht ar an teanga a d’fhéadfadh a bheith ann leis an smaoineamh seo.
Faoin bhliain 1937 amach, bhí 169 aistriúchán foilsithe (as measc 362 téacs san iomlán a tháinig i gcló ó An Gúm).

Is uimhir mhór í seo nuair a ghlactar leis an chastacht a bhaineann leis an aistriúchán liteartha, chomh maith leis an tréimhse ama inar bunaíodh An Gúm agus inar cuireadh na foilseacháin seo i gcló.
Agus cé go raibh an seasamh oifigiúil ag An Gúm gur chóir na leabhair mhóra as aistriú as an Fhraincis, as an Spáinnis agus as an Ghearmáinis chomh maith, faoi dheireadh, is as Béarla a aistríodh formhór na leabhar, áfach.

I measc na leabhar seo, aistríodh An Dr. Jekyll agus Mr. Hyde (Dr. Jekyll and Mr. Hyde) ag Conall Cearnach, Sgairt an Dúthchais (Call of the Wild) ag Niall Ó Domhnaill, Scéal Fá Dhá Chathair (A Tale of Two Cities) ag Sean Mac Maoláin agus Cú na mBaskerville (The Hound of the Baskervilles) ag Nioclás Tóibín.
Mar sin de, is léir go raibh iarracht déanta ag An Gúm cloí leis an chuspóir sin a cuireadh amach ag tús a bhunaithe, líon forleathan d’ábhair léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí.

Is é ceann de na chéad fhadhbanna agus ceann de na hábhair is mó critic a thugtar do An Gúm, ná go ndearnadh easpa aistriúchán ar na píosaí liteartha sin nach raibh sa Bhéarla.
Sea, cinnte go ndearnadh cineál d’iarracht sa Fhraincis le Cuaird an Domhain i gCeithre Fichid Lá (Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours) ag Torna (Tadhg Ó Donnchadha) agus sa Ghearmáinis le Eachtra Pheadair Schlemiehl (Peter Sclemiehls wundersame Geschicthe) ag Béaslaí, ach i gcás na n-aistriúchán seo, is léir nach raibh mórán éifeacht acu ar litríocht na Gaeilge, áfach; “the tiny number of translations into Irish from languages other than English in the early years of the revival had virtually no impact on Gaelic literature.”

Bhí an polasaí seo ag An Gúm le hábhar a aistriú ba chuma an leibhéal, an t-éileamh mar ábhar cáinte arís, mar nach raibh An Gúm ag aistriú nó ag éisteacht leis an phobal fiú:

“though a Gaelic speaker might well find it convenient to read Lucian or Cervantes in Irish, it is hard to believe he would prefer a Gaelic version to the original of Treasure Island or Three Men in a Boat.”
Is léir ón ráiteas seo fiú, nach raibh plean ag An Gúm, nó teagmháil fiú leis an phobal Gaeilge ar cad iad na hábhair a bhí á n-éileamh acu.

Agus le heaspa aistriúcháin ón Mhór-Roinn thosaigh cáineadh An Gúm, ar leibhéal an aistriúcháin, agus an t-ábhar a bhí á aistriú acu.
Mar a luadh cheana féin, bhí eagraíocht de dhíth ar an Ghaeilge a rialaíodh agus a stiúradh litríocht na Gaeilge i dtreo eile, i dtreo todhchaí nua, ach de réir cosúlachtaí, ní raibh An Gúm ag cloí leis an radharc seo go luath ina mbunadh:

“Most of the work done by An Gúm … was translation, preponderantly from English. Many have commented on the futility of it. Most of the translations were of third, or fourth rate books, or of mere trashy books.”

Is cáineadh feanntach í seo ar An Gúm, ó Mháirtín Ó Cadhain a rinne aistriúchán dóibh ag an am chomh maith, ach is léargas níos soiléire dúinn chomh maith í, ar fhíorsheasamh An Gúm ar an aistriúchán chomh maith.

Ní raibh ábhar an aistriúcháin ar an aon ábhar buartha, tugadh léargas níos soiléire dúinn ar sheasamh An Gúm ar an leibhéal aistriúcháin a bhí á fhoilsiú acu chomh maith, ó Sheosamh Mac Grianna, duine eile dá chuid aistritheoirí;

“Bhí An Gúm ag iarraidh orm Gaeilge a chur ar Bhéarla agus mura gcuirfeá Gaeilge ar an Bhéarla caol díreach, ní raibh siad sásta. Dá gcuirfeá Gaeilge mhaith ar Bhéarla, agus mura mbeadh an dá leagan cosúil le chéile, ní raibh siad sásta…ag déanamh go gcaithfeá coinneáil leis an téacs a bhí i mBéarla go closáilte, róchlosáilte.”
Is an-chúiseanna buartha ar fad iad na ráitis seo, go háirithe nuair a tháinig siad ó na haistritheoirí a bhí ag obair don Ghúm ag an am.

Agus tá sé ag léiriú dúinn go raibh bearnaí ollmhóra ann i bpolasaithe An Gúm ar litríocht na Gaeilge a fhorbairt agus a stiúradh sa treo ceart.

Ina dhiaidh sin rinneadh cinneadh ar An Gúm gan níos mó aistriúcháin a choimisiúnú sa bhliain 1939. Chreid siad gur cheart an aird a chur ar ábhar bunúil anois agus glúin nua de scríbhneoirí Gaeilge in áit aistritheoirí amháin a chruthú.

Is cinnte go raibh an polasaí seo de dhíth, is léir go gcuirfidh seo litríocht na Gaeilge, ach leis na critící uile a rinneadh ar a pholasaí aistriúcháin, ach is doiligh é le tuiscint, cad chuige ar stop An Gúm go hiomlán leis an aistriúchán nuair is léir nach raibh a cuspóir bainte amach acu, nó b’fhéidir go raibh barraíocht critic déanta ar an saothar aistriúcháin cheana féin. Ach ag déanamh ar na fáthanna, is buartha an scéal é nuair a stop siad den aistriúchán beagnach is 13 bliain i ndiaidh a bhunadh.

Bhí an cinneadh seo cáinte ag Ó Cadhain arís nuair a chuir sé “robó aistriúcháin an Stáit”
Mar sin de, leis na criticí feanntacha seo agus an cinneadh tábhachtach seo, fágadh an bhearna arís i dtaca leis an aistriúchán i litríocht na Gaeilge.

Short url:   http://multidict.net/cs/1031