This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Ghaeltacht

An Ghaeltacht
Ba sa bhliain 1926 a bunaíodh na Gaeltachtaí den chéad uair i ndiaidh gur tháinig tuarascáil amach ó Choimisiún na Gaeltachta. Leis an fhírinne a dhéanamh ní raibh cur síos iomlán riamh déanta ar theorannacha na Gaeltachta. Ag an am sin, bhí breis agus 25% de chainteoirí Gaeilge de dhíth i gceantair ionas go saineofaí mar Ghaeltacht é, cé gur bronnadh stádas Gaeltachta ar go leor áiteanna a bhí níos laige ná seo. D’aithin Saorstát na hÉireann go raibh ceantair ina raibh an Ghaeilge á labhairt i 15 de na 26 chontae. In ainneoin go raibh ceantair i dTuaisceart na hÉireann a d’fhéadfaí a bheith ina gceantair Ghaeltachta (i 4 de na 6 chontae), níor lig do rialtas nua Thuaisceart Éireann reachtaíocht ar bith Gaeltachta fríd, agus bhí sé go hiomlán naimhdeach don teanga. Ní raibh cead, mar shampla, an teanga a theagasc i scoileanna stáit (scoileanna Protastúnacha) agus laistigh de dheich mbliana i ndiaidh chríochdheighilt 1922, bhí cosc ar fhógraí agus ar chomharthaíocht Ghaeilge de réir dlíthe a rith Parlaimint Thuaisceart Éireann a mhaígh nach mbeadh ceadaithe ag comharthaí agus fógraí as Béarla. Níor tháinig athrú air seo go dtí na 1990í.
Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta eile go luath sna 1950, agus ba iad torthaí an choimisiúin seo ná nach raibh na teorannacha soiléir go leor agus mhol sé nár chóir do cheantar ar bith a bheith sa Ghaeltacht muna mbeadh an teanga láidir go leor ann. Ba sna 1950í go príomha, mar sin, gur tarraingíodh na ceantair Ghaeltachta go soiléir. Mar sin de, níor ceadaíodh go roinnt mhaith áiteanna a raibh an Ghaeilge ag dul i léig iontu fanacht sa Ghaeltacht. D’fhág sé sé nach raibh ach 7 chontae as 26 ina raibh Gaeltachtaí (Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge). Níor tháinig athrú ar bith ar theorannacha na nGaeltachtaí ó shin, seachas corr-athrú:
• Cuireadh Clochán-Bréanann i gCo. Chiarraí isteach ann sa bhliain 1974:
• Cuireadh cuid d’Iarthar Mhúscraí, i gCorcaigh.
• Cuireadh Baile Ghib agus Rath Chairn i gCo. na Mí isteach ann i 1967.
Ar an drochuair, cuireadh go leor áiteanna isteach na Gaeltachtaí i 1926 agus i 1956 mar gheall ar chúrsaí polaitíochta, agus ní mar gheall ar líon na ndaoine sa cheantar a raibh cumas Gaeilge acu.
Sa bhliain 2002, foilsíodh an tríú tuarascáil ó Choimisiún na Gaeltachta inar moladh, i measc rudaí eile, gur chóir teorannacha na Gaeltachta oifigiúla a tharraingt arís. Mhol an Coimisiún gur chóir staidéar cuimsitheach teangeolaíochta a dhéanamh ar an Ghaeltacht chun scrúdú a dhéanamh ar bheocht na teanga sna ceantair Ghaeltachta a bhí go fóill ann. .
Ba é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (mar chuid de Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) a d’fhoilsigh “Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltachta” agus foilsíodh é ar an 1 Samhain 2007. Maidir le ceist na dteorannacha Gaeltachta, mhol an tuarascáil gur chóir criosanna Gaeltachta a bhunú sna ceantair Ghaeltachta:

• A - 67%/+ An Ghaeilge á labhairt go laethúil – An Ghaeilge chun tosaigh mar theanga an phobail.
• B - 44%-66% An Ghaeilge á labhairt go laethúil – An Béarla chun tosaigh, ach mionlach mór a mbíonn an Ghaeilge á labhairt acu.
• C - 43%/- An Ghaeilge á labhairt go laethúil - An Béarla chun tosaigh, ach mionlach atá go mór thar an mheán náisiúnta ann a mbíonn an Ghaeilge á labhairt acu
Moladh sa tuarascáil gur chóir don rialtas tús áite a thabhairt do cheantair i gCatagóir A maidir le seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus maidir le scéimeanna forbartha, agus maidir leis na ceantair sin i gCatagóir C, mar shampla, dá mbeadh titim in úsáid na Gaeilge iontu, go gcaillfeadh siad stádas Gaeltachta. Níor éirigh leis an smaoineamh, áfach, ar an ábhar go ndúirt an tAire Éamon Ó Cuív ag an am nach bhféadfaí an Ghaeltacht a roinnt dá réir seo.
De réir an daonáirimh sa bhliain 2006, bhí 91,862 duine ina chónaí sa Ghaeltachta, is ionann sin agus 2.1% de phobal iomlán na hÉireann (4,239,848 duine). Tá bunús na gcainteoirí dúchais ina gcónaí i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí agus i gCorcaigh, cé go bhfuil cainteoirí dúchais ann i bPort Láirge (Gaeltacht na Rinne) agus i gCo. na Mí (Rath Chairn). Tháinig Gaeltacht Rath Chairn ar an tsaol nuair a thug rialtas na hÉireann teach agus 22 acra talún do 41 teaghlach as Connamara agus Maigh Eo sna 1930í. Níor aithníodh mar Ghaeltacht oifigiúil é go dtí 1967.
Cúrsaí imirce is mó is cúis le bánú na nGaeltachtaí. As siocair na Gaeltachtaí a bheith ar imeall an oileáin, bhí níos lú iarnród agus bóithre ann, agus ba bhoichte an talamh feirmeoireachta fosta. Tháinig feabhas air seo nuair a bhí ré an Tiogair Cheiltigh i bhfeidhm. Ceantair iargúlta atá i nGaeltachtaí na hÉireann ina mbíonn radharcra iontach iontu. Cruthaíonn sé seo deacracht, áfach, óir bogann cuid mhór daoine isteach chun na Gaeltachta le cónaí ann agus gan Gaeilge a bheith acu. Is amhlaidh an cás leis na ceantair Ghaeltachta i gCo. na Gaillimh. Tá cathair na Gaillimh anois bogtha amach go dtí na ceantair Ghaeltachta agus tá tithe saoire ceannaithe ag cuid mhór daoine as baile isteach. Ar an ábhar sin, tháinig ardú ar phraghas na dtithe agus ní bhíonn muintir na háite, agus Gaeilge mar phríomhtheanga acu, ábalta tithe a cheannach, agus bíonn orthu imeacht agus cónaí in áiteanna eile nach bhfuil sa Ghaeltacht.

Gaeltacht Dhún na nGall
Tá 24,744 duine ina chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall, agus tá sé ar an Ghaeltacht i mó in Éirinn agus 25% de phobal iomlán na nGaeltachtaí ina chónaí ann. Tá trí pharóiste ann – Na Rosa, Gaoth Dobhair agus Cloch Cheannfhaola. Tá stuideo ag Raidió na Gaeltachta ann agus tá oifig an Foras na Gaeilge ann chomh maith.

Béal Feirste
Tá ceantar i mBéal Feirste ar a dtugtar An Cheathrú Ghaeltachta. Tá sé lonnaithe go príomha ar Bhóthar na bhFál agus tá Gaelscoileanna, Meánscoileanna agus Naíonraí ann. Chomh maith leis sin, tá Cultúrlann Mhic Adhaimh-Uí Fhiaich ann agus Raidió Fáilte. D’eascair an ceantar seo as Bóthar Seoighe, Gaeltacht uirbeach i iardheisceart Bhéal Feirste.
Carn Tóchair
Ceantar eile atá an-láidir ó thaobh na Gaeilge de is ea Carn Tóchair i Sleacht Néill. Bunaíodh Naíscoil ann sa bhliain 1993 agus Gaelscoil i 1994. Sa bhliain 1901, bhí Gaeilge ag 50% den phobal ach chuaigh sé sin i léig. Nuair a cuireadh tús leis an athbheochan, ní raibh ach cuifealán an-bheag daoine a raibh an Ghaeilge acu sa cheantar agus ní cainteoirí dúchais a bhí i nduine ar bith acu. Anois, áfach, tá 10 dteaghlach ar an mheán atá ag tógáil clainne trí mheán na Gaeilge.

Short url:   http://multidict.net/cs/1040