This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Cuairt Ghaelach - Beinn na Faoghla go Rann na Feirste

 

Tá an tEarrach ag teacht sna hOileáin Siar amach ó chósta thiar na hAlban. Cuireann na radharcanna áille i gcuimhne dúinn go mbeidh neart turasóirí ag triall ar na hoileáin seo sna míonna teo atá le teacht. Ach san am i láthair tá buíon oileánach ag imeacht ar thuras go cósta Iarthuaiscirt na hÉireann. Blianta ó shin is turas farraige a bheadh ann, ag imeacht ó oileán go hoileán i slabhra de phobail Ghaeltachta. Ach anois cuireann Aerfort Bheinn A Faoghla modh níos áisiúla taistil ar fáil a ligfidh don bhuíon Aerfort Dhún na nGall atá ar aon mhéid a bheag nó a mhór,a bhaint amach taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig ar an lá céanna.

I measc na buíne tá Archie agus Neil Caimbeul, beirt cainteoirí dúchais tógadh ar Bheinn A Faoghla. Bhí dlúthbhaint ag an bheirt acu leis an Tionscadal Guthan nan Eilean. Le tamall anuas bhí an tionscadal seo ag déanamh taifeadtaí físe agus fuaime den phobal áitiúil agus á gcúr ar líne. Is í an aidhm atá leis an tionscadal cuidiú le foghlaimeoirí teanga agus ag an am céanna cartlann a thógáil a léiríonn saol na nOileán Siar trí ghníomhartha agus caint na n-oileánach.

Tá clú ar an tionscadal agus aitheantas faighte aige i saol na Gáidhlig agus i saol an Bhéarla araon. Agus anois tá Scoil na Gaeilge in Ollscoil Uladh i ndiaidh cuireadh a thabhairt don fhoireann seo cuairt a thabhairt inár gcuideachta ar phobal Gaeltachta i dTír Chonaill. Is í aidhm na cuairte an tionscadal a chur i láthair don phobal áitiúil feiceáil an bhféadfaí an cur chuige céanna a úsáid chun tacú le forbairt na Gaeilge.

Bhí na cruinnithe le bheith ar siúl in Áislann Rann na Feirste, ionad pobail nua-thogtha sa cheantar. Bhí cuid mhór imeachtaí eile ag dul ar aghaidh san áislann ag an am céanna mar chuid de Dheireadh Sheachtaine na Gaeilge agus bhí idir óg agus aosta ag triall ar an Áislann le páirt a ghlacadh i gcomórtais amhránaíochta, filíochta, ealaíne agus scéalaíochta.

Caitheadh an chéad lá den cheardlann i mbun cainte faoi na féidearthachtaí agus ar an dara lá bhíothas i mbun obair phraiticiúil. Ar an chéad dul síos, chuir mé féin, Caoimhín Ó Dónaill ó Ollscoil Uladh,  Brídanna Ní Bhaoill faoi agallamh faoi Chumann Óige Rann na Feirste agus d’aithris ball óg de chuid an chumainn píosa filíochta.

Caoimhín: Anois a Bhrídanna, cad é a bhí ag dhul i Rann na Feirste an deireadh seachtaine seo?

Brídanna: Ins a’ Chlub Óige?

Caoimhín: Ins a’ Chlub Óige

Brídanna: Bheul, tigimid le chéile anseo achan tráthnóna Dé hAoine agus nímid cúrsaí spóirt agus ealaín agus mar a déarfá bímid ag dhul ar thurais éagsúla leofa, thug muid cuairt ar an Zú anuraidh i mBéal Feirste agus bhí muid amuigh in áit a dtugann siad An Creggan air i nDoire agus ar ndóigh na háiteacha áitiúla.

Caoimhín: Bhuaigh tú féin duais sa chomórtas.

Darragh Ó Dochartaigh:         

Is deas agus is aoibhinn

maidin chiúin shamhraidh

Do shuí ar an ard

Os cionn Canáil Gaoth Dobhair

An Bradán go soiléir

Le feiceáil san uisce

Agus an lach fiáin agus an t-éillín

Ag gabháil síos taobh Gaoth Dobhair

Brídanna: Galánta!

Caoimhín: Go raibh míle maith agaibh tríúr as labhairt linn inniu.

Ansin chuir Niall Comer ó Ollscoil Uladh Aodh Mac Ruairí Bainisteoir na hÁislainne faoi agallamh faoin obair chloíche speisialta atá le feiceáil sa cheantar.

Niall: A Aoidh cad é mar a tógadh an bealach, tá a fhios agat an bealach atá ag dul thart ar Rinn na Monadh ansin, cén dóigh ar tógadh é sin?

Aodh: Bhal sna daichidí tá mé ag déanamh, tá sé greannta ar cheann de na clocha thall ansin an dáta, tá mé ag déanamh gur daichead a sé, obair a bhí ar lámh ag an Chomhairle Contae san am agus d’fhostófaí daoine áitiúla le dhul i mbun an cineál seo oibre. Ó tharla gur thart ar an chladach atá sé bhí orthu daingniú a dhéanamh ar an seanbhealach ionas nach dtitfeadh sé isteach sa lán mhara agus nach mbeadh an fharraige de shíor ag ithe ar shiúl an talamh. Bheartaigh siad mar sin balla cloiche a thógáil thart air a chuirfeadh in aghaidh sin, agus rachaimid síos fá sin níos moille anois go bhfeicfimid fianaise cá dtáinig na clocha seo as.

Ina dhiaidh seo chuaigh muid chun an chladaigh agus go teach Aoidh sa dóigh is go dtiocfadh le foireann Ollscoil Uladh triail a bhaint as scannánaíocht níos dúshlánaí a dhéanamh. Rud nach bhfuil furasta a dhéanamh ar lá gaofar!

Aodh: Mar a dúirt mé roimhe, cró-iarainn a bhí ann, barra iarainn a rachadh síos isteach sa chloich mar sin, bheadh ceann eile thall anseo, ceann eile ansin. Tá áit na tineadh istigh ansin.

Mar a fheiceann sibh anseo, seo iad na seanchlocha a tháinig amach as an seanbhallóg tí a bhí ar an láthair anseo. In ionad iad a úsáid faoi choinne clocha dúshraith, rinne mé féin iad a shábháil agus mar a fheiceann sibh, clocha atá iontu a bhí lámhghearrtha, lámhghreanta agus mar a fheiceann sibh, arís tá aghaidh agus taobh curtha orthu uilig agus bhain mé úsáid astu le áit na tineadh seo a thógáil. Agus abhus anseo arís, feicfidh sibh fuair muid, an áit ar baineadh úsáid as an uirlís, an cró-iarainn leis na clocha a scoilteadh asa chéile

....ag teacht amach, agus baineadh amach iad

Niall: ‘Sea, ok, yeah, yeah’

Aodh: Mar a fheiceann sibh, baineadh úsáid as cuid acu sin le bealach mór a dhéanamh. An bhfeiceann sibh, tá seo uilig lámhdhéanta.

Niall: Aye, chí tú an dóigh a bhfuil sé.

Aodh: Sin é. Is é an úsáid a bhí leis an bhealach seo, ná leis an fheamnach.

Anseo taispeánann Aodh droichead beag thar sruthán do Niall a rinneadh as clocha a gearradh ar an dóigh céanna leis an cró iarainn. Agus faighimse féin seat teann de lorg an chró iarainn ar na clocha.

Glacann Neil agus Eairdsidh bomaite le machnamh a dhéanamh ar an méid atá feicthe agus cloiste acu le linn an turais.

Neil: Bhal, seo muid i Rann na Feirste i ndiaidh ruaig a thabhairt

Eairdsidh: Sin an rud a bhí ann nach ea?

Neil: Anonn go hÉireann. Tá lá eile againn, tá oíche amháin eile le dhul, ach bhí sé iontach suimiúil nach raibh?

Eairdsidh: Tá. Bhí mise i gcónaí ag iarraidh teacht anseo. Seo an chéad uair agam a bheith in Éirinn, mar sin de, bhí sé thar am agam teacht, sílim. Tá mé an-sásta gur tháinig mé.

Neil: Bhí muid ag rá go bhfuil sé an-chosúil leis an cheantar s’againn féin.

Eairdsidh: Sílim é, cuireann sé na hoileáin i gcuimhne dom go mór.

Neil: Tá mé i ndiaidh a bheith ag éisteacht le filíocht, d’fhreastail mé ar aifreann, agus ag éisteacht le daoine ag caint, agus caithfidh tú a bheith ag éisteacht go géar sula dtuigeann tú é.

Eairdsidh: Is maith fosta go bhfuil an oiread sin daoine ag caint Gaeilge anseo fosta. Is léir dom go bhfuil sí láidir go maith anseo. Bhal, tá súil agam gur mar sin atá sé...

Neil: Mar atá muidne ag an Mhód, tá a fhios agat, bíonn daoine óga ag dul isteach uair sa bhliain.Níl a fhios agam cá mhinice a dtarlaíonn sin anseo. Agus ní raibh mé cinnte, an mbíonn sin ag tarlú, go díreach gach bliain, nó nach bhfuil, bhí mé fiosrach faoi sin. Tá siad uilig chomh liofa agus chomh compordach ar an ardán.

Eairdsidh: Tá.

Neil: B’fhéidir go mbíonn níos mó deiseanna acu sin a dhéanamh. Níl a fhios agam.

Agus go tobann, tá sé in am ag muintir na hAlban pilleadh ar Aerfort Dhún na nGall atá so-aitheanta acu ar bhealach.

Agus an t-eitleán ag imeacht nochtar tírdhreach thíos faoi atá fíor-chosúil leis na hOileáin Siar. Agus ó thaobh na teanga de, cé go bhfuil difríochtaí idir na focail a úsáidtear sa dá thír, cruthaíonn na cosúlachtaí idir fhuaimeanna agus rithim, an tábhacht atá leis na nascanna idir an dá phobal a neartú.

Agus an t-eitleán ag tuirlingt i mBeinn A Faoghla tá na cuairteoirí ag smaoineamh faoin dóigh is fearr leis an fháilte Chríoúil Ghaelach a fearadh dóibh a chuiteamh nuair a bhéarfaidh muintir na hÉireann cuairt ar na hOileáin Siar.

Short url:   http://multidict.net/cs/1142