This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Seán Ó Ríordáin - Fill Arís

Bhí Seán Ó Ríordáin tinn le heitinn.. An duine a raibh an eitinn air sna daichidí agus sna caogaidí bhí sé cosúil le lobhar in Éirinn mar galar marfach tógálach a bhí inti nach raibh leigheas sásúil ar bith le fáil air. Bhí an Ríordánach ag troid leis an ghalar seo ar feadh a shaoil ar fad. Chaith an file tréimhsí fada ina leaba de dheasca na heitinne agus mar sin tá cuid mhaith dá dhánta ag baint le cúrsaí sláinte agus tinneas, mar shampla: ‘Fiabhras’, ‘Siollabadh’, ‘Dán Dúr’, agus eile.

I gcuid mhaith dá dhánta is féidir an dorchadas a mhothú agus é ag teannadh isteach air agus eisean ag cruthú solais dó féin lena cheird fhileata. Cé go raibh tréimhsí fada de thinneas air, bhí tráthanna eile ann nuair a bhí an Ríordánach ábalta post mar fheidhmeannach in oifig stáit i gcathair Chorcaí a dhéanamh. Thóg sé an bus go rialta ó Iniscarra go dtí a chuid oibre i lár na cathrach agus ansin chaith sé an lá mar Mr O’Riordan i Halla na Cathrach sa roinn a bhí ag láimhseáil cáin ghluaisteáin. Ní raibh a fhios ag a chomhghleacaithe gurbh fhile mór cáiliúil a bhí ina measc, file a bhuaigh an chéad duais san Oireachtas sa bhliain 1942 dá dhán, ‘Leigheas’. Bhí saghas droichid idir a shaol pearsanta príobháideach agus a shaol poiblí anaithnid i measc an tslua. Ach mhothaigh an Ríodánach mar ‘aisteoir’ nó fear a raibh aghaidh fidil air nuair a bhí sé i measc a chomhoibrithe nó a chomhphaisinéirí ar an mbus. Ní hé an duine a bhí san fhear a chonaic an saol mór ach duine nach raibh ann in aon chor.

I 1945 fuair an duine ba thábhachtaí i saol an fhile bás – a mháthair. Máthair a thug aire shíoraí dó nuair a bhí sé tinn, máthair a bhí chomh lách le ‘seanbhíobla’. Bhí an aimsir chomh dona ar lá na sochraide nárbh fhéidir leo an corp a thabhairt go Baile Mhúirne agus bhí orthu a mháthair a chur in Iniscarra, mile óna reilig dhúchais. Tamall beag ina dhiaidh chuir Seán Ó Ríordáin tús le ré nua filíochta sa Ghaeilge leis an dán ba cháiliúla agus ba chumasaí uaidh: ‘Adhlacadh mo Mháthar’ Tugann an dán amháin seo filíocht na Gaeilge go leibhéal nua sofaisticiúil. Ardaíonn an dán seo an Ghaeilge as a comhthéacs feirme go dtí traidisiún nua rómánsach na hardlitríochta. Leis an aon dán seo, d’athraigh an Ríordánach aghaidh agus treo na filíochta mar thug sé an teanga go teorainneacha nua mothálacha nár ghnáthaigh sí riamh roimhe sin. Faraor, rinne file mór le rá faoin am, Máire Mhac an tSaoi, cáineadh fíochmhar ar a shaothar agus ar a chuid Gaeilge féin, focail a ghorthaigh an file go croí agus dá dheasca an cháinte éagóir seo níor tháinig dán ar bith ó pheann an Ríordánaigh go dtí 12 bhliain níos déanaí.

Is amhlaidh gur éirigh le Seán Ó Riardáin an teanga a chur ag freastal ar na mothúcháin agus ar smaointe a bhí le nochtadh aige. Sa tslí seo rinne an Ríordánach an teanga i bhfad níos saibhre agus níos éifeachtaí. Baineann an file úsáid as an teanga mar uirlis chun a ghnó fileata a chur i gcrích. Múnlaíonn Ó Ríordáin an teanga mar bhí sí ró-theoranta agus ró-chúng sula raibh sé ‘Ríordánaithe’ chun a raibh le rá aige a chur in iúl.

Nuair a tháinig ‘Eireaball Spideoige’ amach in 1952, bhí dóchas i gcroí an fhile fós. Tiomnann sé an chéad chnuasach seo dá fhilíocht dá ghrá, Kay Foley. Ach faoin am ar tháinig ‘Brosna’ (1964) ar an saol bhí an saol iompaithe bunoscionn ar fad dó. Thug sé suas an smaoineamh Kay Foley a phósadh ó bhí an galar ag fás ann agus gan aon dóchas aige go leigheasfaí choíche é. Faoi thosach na seascaidí thug an Ríordánach droim láimhe don ghrá ina shaol. Fágann sé slán le grá agus leis an dóchas go bhféadfadh sé Kay a thógáil mar bhean.

B’fhéidir, mar sin, go bhfuil cúpla cúis lena dhán ‘Fill Arís’. Ar an gcéad dul síos bhí an Ríordánach an-tinn agus tuirseach ag an ghalar íditheach a bhí á mharú go mall réidh ciúin. B’fhéidir gur mhothaigh sé truaillithe agus theastaigh uaidh filleadh ‘abhaile’ ón truailliú sin a d’ionannaigh sé le teanga agus cultúr an Bhéarla. B’fhéidir go fo-chomhfhiosach bhí an cultúr gallda in intinn an fhile amhail an galar ‘gallda’ a bhí á chloí ar feadh a shaoil iomláin. B’fhéidir freisin gur chreid sé faoi dheireadh focail ghéara lucht a cháinte agus ghéill sé dá gcomhairle baoise.

Ach i ndáiríre, is cuma cén chúis a bhí aige leis, dar liomsa. Tá tábhacht, brí agus fuinneamh a cheirde le sonrú go mór ina choimhlint shíoraí idir an dá chultúr, ina throid gan géilleadh idir galar agus sláinte, sa chath a rinne sé go laethúil idir an saol poiblí nua-aimseartha agus a shaol rúnda príobháideach. Más mian linn tuiscint cuimsitheach ar bith a fháil ar theachtaireacht an Ríodánaigh, ní mór dúinn féachaint ar a shaothar ina iomláine. Dar liomsa, níl sa dán seo ach meon amháin i stór saibhir fairsing de dhánta cumasacha a tháinig ó ghinias gaisciúil (valiant genius) pheann an Ríordánaigh.

Short url:   http://multidict.net/cs/1388