This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Seachrán Charn tSiail

Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom Go haonach bliantúil na Féil' Muire Móir’ Tharla an ainnir as an taobh aniar dom Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós

Bheannaigh mé féin go preab don mhaighdean Agus feasbhaidh céille ní raibh i mo ghlór D'fhiafir mé féin di 'raibh aon fhear in Éirinn A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg Go mb'annamh a chonaic sise sac mar éideadh Ar fhear ag bréagadh cailín óg

Níl siúd áit ó Mhín na Labán Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin 'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid

Bhí mé ar an Mhuine Mhór is i gCaisleán Cába I mBaile Uí Dhalaigh is i Lios na Sciath Bhí mé i Muineachán agus ar an Ghráinsigh Is ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain Aréir a tharlaigh i nDroichead Átha mé 'S anocht atá mé fá Charn tSíail 'S anois más roghain leat ar fhearaibh Fáil mé Seo mo lámh duit, bím ag triall

Short url:   http://multidict.net/cs/1403