This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Spórt an Gheimhridh in Éirinn

Cé nach minic a shamhlaítear sneachta agus cúrsaí sciála le hÉirinn, feicimid anseo go bhfuil athrú ag teacht ar an saol mar gheall ar théamh domhanda sa tír. Is físeán é seo a glacadh anuraidh i mí Mhárta i gContae Dhoire, agus cé gur chóir go mbeimis i lár an earraigh, níl cuma an tséasúir sin ar na bóithre. An amhlaidh go bhfuil an oiread sin damáiste déanta againn don phláinéad go bhfuil cúrsaí na haimsire go hiomlán bunoscionn nó an amhlaidh gur mar seo a bhí sé riamh? An bhfuil saineolaithe ag dul thar fóir leis an dearcadh go bhfuil cúrsaí aimsire beagnach dothuartha?

De ghnáth, áfach, bíonn an aimsir go breá in Éirinn

Short url:   http://multidict.net/cs/178