This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Glanfaidh mé - Kila

Mé ag dul in aois arís
ag fás in mo shaol
Léi ag sroicheadh bís arís
ach mise liom féin

Má bhraitheann mé an íseal brí anuas orm arís
glanfaidh mé amach é mar a ghlan mé cheana féin
Má bhraitheann mé an doicheall anuas orm arís
Glanfaidh mé amach é mar atá ar bun agam anois

Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí,
ó, glanfaidh mé amach iad
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí,
glanfaidh mé amach iad

Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí,
ó, glanfaidh mé amach iad
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí
Go amach as mo shlí
as mo chroí

Do bhraith mé an íseal brí ag brú anuas orm arís
— glanfaidh mé amach é —
Bhraith mé doicheall an diabhail ag déanamh lóistín laistigh díom arís
— glanfaidh mé amach é —

Bhraith mé mo mhisneach ag ídiú uaim 's ag dul amú orm arís
— glanfaidh mé amach é —
Do bhraith mé an dorchadas do mo thimpeallú 's ag cur isteach orm arís
— glanfaidh mé amach é —

Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí,
ó, glanfaidh mé amach iad
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí,
glanfaidh mé amach iad

Glanfaidh mé a leithéid de scáth ó mo chroí,
ó, glanfaidh mé amach iad
Glanfaidh mé a leithéid de scamaill amach as mo shlí
Go amach as --

Beidh mé réidh, beidh mé romhat, beidh mé úr, beidh mé ullamh,
beidh mé socair ionam féin arís
Beidh mé léi, beidh mé leo, beidh mé leat, beidh mé lán,
beidh mé iomlán folláin arís

Beidh mé saor, beidh mé sona, beidh mé suan, beidh mé slán
ar ais chugam féin arís
Beidh mé clé, dheas, thuaidh, theas
Socair ionaim féin arís, dhé

Glan glan, glan arís, glan glan arís,
glan glan, go dtí go bhfuil mé sona sásta
Glan glan, glan arís, glan glan arís,
glan glan, go dtí go bhfuil mé slán sabháilte

Glan glan, glan arís, glan glan arís,
glan glan, go dtí go bhfuil mé sona sásta
Glan glan, glan arís, glan glan arís,
glan glan, glanfaidh mé amach mo shaol

Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi,
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach
Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi,
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach

Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi,
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach
Dia liom, Dia leat, Dia leis, Dia léi,
Dia leo, Dia libh, Dia linn uilig
Dia dhá réiteach, Dia dhá réiteach

 

 

Short url:   http://multidict.net/cs/2142