This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

'Seanathair' le Liam Ó Muirthile

‘Seanathair’ le Liam Ó Muirthile

Mo sheanathair groí

féna hata is fuiscears

amach as coca féir

anuas ar a bhéal,

 

speal le leathghuala

ag stánadh roimhe

le faobhar na lainne

atá béal fúithi

 

laistiar dá dhrom,

air siúd anois leis

a lorgaím cabhair

ag baint i m’aonar.

 

Righnigh, righnigh,

a gharsúin is bí

im theannta tamall

i ngort an fhómhair,

 

tar ag coisíocht

liom sa pháirc eornan,

is taispeánfad duit

na diasa, na gais

 

órga ag fás go tiubh

chomh dlúth le folt

na mban óg fionn

ag rince ar stáitse

 

le hais an bhóthair

tráthnóna fé sholas

na gréine ag dul fé

thiar i gCairbre.

 

Ná féach siar,

tá fómhar romhat

le baint le buillí

lúfara rithime

 

do mhuintire,

taispeánfadsa duit

conas breith id bhos

ar an doirnín,

 

beadsa leat sa ghort

nuair a sheasann tú,

is do chosa scartha

rómhór, chun ceartú

 

caoin a mholadh duit

is iad a dhruidiúint

níos mó chun buille

na speile a thabhairt

 

chomh slán is dá

mbeadh an uirlis

ag teacht as do lár

agus nach féd lámha

 

atá aon ní níos mó

ach rithim eile

a thagann ón spéir

le buí an tséasúir

 

is an duine a sheasann

ar a dhá chois féin

sa bhfómhar buí méith

ag baint pháirc eornan.

 

Déanfaimid lá fada

gach lá le chéile, mise

le do ghuala ag cur

cogar i do chluais

 

chun do bhuille

a thomhas de réir

do chumais ag tosnú

ón imeall isteach sa lár,

 

is bainfir sásamh

iomlán as luascadh

na lainne oiread na

fríde os cionn talún,

 

is na gais ag titim

le ceol nach giodam

é níos mó ach ceol

eornan le rithim

 

na ndias aibí

ag croitheadh na

mbonn óir anuas

le béal na lainne.

 

Cuirfimid faobhar

suas ó am go chéile,

is ní bhraithfidh tú

an lá ag imeacht

 

sa pháirc eornan

mise le do ghuala

is an mheitheal

buainte i do dhiaidh

 

aniar ag déanamh

beart de réir luas

tomhaiste cumais

do mhuintire riamh.

 

Le caoinchead Liam Uí Mhuirthile agus Cois Life. Céadfhoilsíodh in Sanas (Cois Life, 2007). 

Short url:   http://multidict.net/cs/2230