This is a Clilstore unit. You can .
‘Oíche Mhaith, a Bhastaird’ le Colm Breathnach
Ar an mBuailtín,
os cionn shiopa Sheáinín na mBánach,
a bhíodh na hoícheanta againne
agus thagadh scata do mhuintir na háite
is dos na ‘laethanta breátha’
thar n-ais i ndiaidh am dúnta
i dtigh tábhairne Dhónaill Uí Chatháin.
Is bhímísne, páistí, inár leapacha ar fionraí,
suan na súl oscailte orainn sa tseomra codlata
ag feitheamh le monabhar bog an chomhluadair
ag déanamh orainn an staighre aníos.
Thosnaítí ansan le tamall comhrá
scéalta á n-aithris is corr-sá grinn,
tú fhéin i d’fhear tí támáilte
ach an Beamish ag tabhairt do ghlóir chugat
nó go n-iarrtá ar dhuine éigin amhrán do rá.
An curfá dá chasadh ages gach éinne,
an siosa agus an barr dá bhaint do bhuidéal.
Is nuair a bhíodh an oíche thart
chloisimís na daoine is iad ag imeacht,
thíos ar an tsráid i moch na maidine
an ceiliúradh ag duine acu, ‘Oíche mhaith, a bhastaird’,
in ard a chinn ar shráid an Bhuailtín.
Is é mo lom
ná rabhas fásta suas in am,
sara bhfuairis bás,
le go mbeinn i láthair
ag oíche a reáchtáilis
os cionn shiopa Sheáinín
ar an mBuailtín.
Is nuair a bheadh an oíche thart
agus an chuideachta ag imeacht
thabharfainn féin faoi mo lóistínse mar aon leo
i mBaile Eaglaise nó sna Gorta Dubha
ach sara n-imeoinn chasfainn chugat
le go ndéarfainn, ‘Oíche mhaith, a bhastaird’,
go ceanúil meisciúil leat.
Le caoinchead Choilm Bhreathnaigh agus Cló Iar-Chonnacht. Céadfhoilsíodh in An Fear Marbh (Cló Iar-Chonnacht, 1998).
Máirín Nic Eoin: Cuireann teideal an dáin sin iontas ar dhaoine uaireanta ach is dóigh gur scéal ar leith atá..
Colm Breathnach: Bhuel, scéal ar leith, is dóigh, gur gur ar shlí amháin, oíche ar leith ab ea é sin ach is cuimhneamh siar ar na hoícheanta ar fad a bhíodh againn nuair a bhíos óg. Thabharfaimis na laethanta saoire i gCorca Dhuibhne gach aon bhliain agus mar a deirim sa dán bhíos beagáinín ró-óg i ndáiríribh le páirt iomlán a ghlacadh sna hoícheanta sin ach is cuimhin liom fé mar a bhíodh agus is cuimhin liom fear ar leith – mar a tharlaíonn sé Paddy Malone a bhí i gceist an oíche sin – agus é ag fágaint sláin agus is mar sin a d’fhág sé slán againn, ‘Oíche Mhaith, a Bhastaird’, agus d’fhan sé sin i mo chuimhne, mar a déarfá, agus an rud a bhí á léiriú ansan i ndáiríribh ná an saghas duine ab ea m’athair, is chuireas aithne níos mó air agus sinn ar laethanta saoire i gCorca Dhuibhne ná mar a chuireas in aon áit eile mar age baile i gCorcaigh, b’fhéidir, bhí strus ag baint leis an obair a bhí ar siúl aige agus gach aon rud mar sin, ach scaoileadh sé lena scód i gCiarraí ansan. Fear mór comhluadair is a leithéid ab ea é leis, ab ea é agus theastaigh uaim é sin a chur in iúl sa dán agus gur, em bhíodh na hoícheanta againn saghas le linn na laethanta saoire. B’shin an chuimhne a bhí agam air, mar a déarfá, agus theastaigh uaim é sin a chur in iúl sa dán.
Short url: http://multidict.net/cs/2232