This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

'An Foclóirí' le Colm Breathnach

‘An Foclóirí’ le Colm Breathnach

‘Má thánn tú chomh cliste sin,’ a dúirt mo chroí liom,

‘ba cheart go mbeadh focal agat ar an mothú seo.’

 

Ach ní raibh agus níl.

Níl aon fhocal agam

cé go ndeinim iad a bhailiú.

Cuirim iad ar stór i bhfoclóirí

is liostaí, i gcuimhne ríomhairí

 

Ach níl aon fhocal agam air seo fós.

Cian, uaigneas,

dobrón, dúbhrón

aonaracht,

 

n’fheadar, aiféala, b’fhéidir.

Níl aon fhocal agam air

as na focail go léir go bpléim leo.

 

Deinim iad a scagadh, a dhíochlaonadh,

deinid mé a mhíniú

cloisim iad ag labhairt fúm,

faoi chlúid na leabhar,

go síoraí do chogar ciúin.

 

A Chríost, a dhuine

fill thar n-ais chugam,

bíodh focal agat liom.

 

Le caoinchead Choilm Bhreathnaigh agus Cló Iar-Chonnacht. Céadfhoilsíodh sa chnuasach An Fear Marbh (Cló Iar-Chonnacht, 1998).

Máirín Nic Eoin: Tá sé an-chumhachtach an dán sin, a Choilm, is bhí tú i do théarmeolaí nuair a nuair a chum tú an dán...

Colm Breathnach: Do bhíos. Is ea. Bhínn an lá ar fad ag plé, ag plé le focail, ag plé le le cruinneas, conas tú féin a chur in iúl is gach rud mar sin i i gcúrsaí eolaíochta, agus matamaitice, ceimice agus rudaí mar sin agus cúrsaí gnó agus a leithéid, ach ag an am gcéanna, b’fhéidir, istigh ansan bhíos ag iarraidh mé féin a chur in iúl ar shlí eile ar fad agus em, agus an leabhar sin á scríobh agam, tagann an leabhar sin [‘an dán sin’ a bhí i gceist aige a rá] as An Fear Marbh agus em dheineas iarracht m’athair a chur in iúl sa leabhar ach dheineas iarracht chomh maith seans éigin a thabhairt do m’athair é féin a chur in iúl, agus b’fhéidir ar shlí amháin, b’fhéidir gurb é m’athair atá ag labhairt ansan, á rá, tánn tú chomh glic, ag cur síos orm is gach rud, ach abair liom, you know, agus gur gur saghas ag labhairt thar n-ais liom atá m’athair ansan.

Tosnaíonn an an cnuasach ar fad leis an mbriathar ‘tá’ agus críochnaíonn sé ar deireadh leis an mbriathar ‘tá’. Is ciorcal é, mar a déarfá, agus istigh ansan in áit éigin tá an t-athair agus an mac an t-am ar fad saghas ag dul timpeall agus timpeall ar a chéile agus b’fhéidir gur theastaigh uaim é sin a chur in iúl. Ní, ní, braithim nach mise ar fad atá ag labhairt ach m’athair atá ag labhairt ansan, saghas ag cur ag cur smacht éigin orm, mar a déarfá, you know, so sin an rud a bhí ar siúl ansan agam, is dóigh liom. 

Short url:   http://multidict.net/cs/2233