This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

' "Buick" mo Mháthar' le Derry O'Sullivan

‘ “Buick” mo Mháthar’ le Derry O’Sullivan

Lá a tórraimh ar an gcnoc,

Thiomáineas mo mhaimí suas

Bealach láir an tséipéil:

Síneadh ina gúna giúise í

Ar thralaí na cónra

Le hais umar an bhaiste

Mar ar thug sí ar a baclainn mé

Lá séanta Fhear na gCrúb

Fadó i rith an chogaidh.

Ghluaiseamar romhainn beirt,

Mo mhaimí-phaisinéara is a tiománaí mic,

Gan de sprioc ag ceann cúrsa

Ach Pictiúr na Páise

Os cionn na haltórach

Ar lasadh le coinnle is le bláthanna

Mar ar thiomáin m’athair í

Ina gúna à la Garbo lá a pósta;

Bhí orthu an rothar a dhíol

Go gcumhdófaí deireadh seachtaine na meala

In óstán i gCorcaigh –

Ní raibh ach ocht mbliana déag aici

Is gan mórán ag m’athair uirthi.

Nár ghabh a Daidí is a Maimí an bealach láir céanna,

Is Daidí is Maimí mo Dhaidí amhlaidh!

Ghabhtaí le sinsir bealach na Súilleabhánach

I dtreo pháis-phictiúr ár mBaile,

Ba ormsa anois a thit crann Charáin

Mairnéalach méala na marbh

Is feic marfach na faoide orm.

Thiomáineas a cóiste ciúin romham

Go bun na croise daite

Mar a luífeadh dá hAifreann deiridh

Sínte le Críost

Ar leaba chrainn.

 

Ag bun chnoc an tséipéil

D’fhan cóiste Buick an adhlacóra uirthi

Le go ngluaisfeadh sí go galánta

Siar riamh go dtí leaba a céile

Sa Mhainistir a chreimeann an taoide

Mar a gcasann Sruth Mhurascaill Mheicsiceo

Ag borradh le beatha na bóchna

Timpeall ar dhún Oileán Faoide,

Áit bhreithe na mBúrcach mairnéalach,

Sinsir mo mháthar críonna,

Bean snáthaide uama,

A sheas liom ag umar an bhaiste.

 

Le ceannchead Derry O’Sullivan agus Coiscéim. Céadfhoilsíodh in Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univérs? (Coiscéim, 1994).

 

Short url:   http://multidict.net/cs/2239