This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Laethanta Saoire Dioplóma

An ndeachaigh tú ar saoire anuraidh?

Cinnte. Bhuel, más buan mo chuimhne, chuaigh mé go dtí an Fhrainc ar feadh coicíse anuraidh. Cheannaigh mé an ticéad ar líne. Chuaigh mé ar eitleán agus bhain me an taitneamh as. Dála an scéil, thaistil muid le hAer Lingus. D’fhág muid Éire maidin Dé Luain agus shroich muid An Fhrainc ar an mheán lae. Creid é ná ná creid, bhí an turas an-fhada. Bhí an t-eitlean plódaithe ach compordach go leor. Bhí me ag fanacht faoin tuath agus bhí an áit go hálainn. Mar is eol duit fein, bhí na daoine cairdiúil freisin. Lig me mo scith agus fuair mé faoiseamh ón gnathshaol. Bhí an aimsir go deas freisin agus bhí an ghrian ag taitneamh gach lá.

Bhí me ag fanacht in óstán. Bhí sé cúpla míle on trá. Dáirire pire bhí an chraic go maith. Bhí a lán le déanamh. Bhí mé ag snámh san fharraige cúpla uair agus mo mham agus mo dheirfiúr ag déanamh bolg le gréin. Bhain mé an-taitneamh as an tsaoire agus ba bhreá liom dul ar ais ansin.

Short url:   http://multidict.net/cs/2290