This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Aimsir Chaite

IRS137   Seachtain 4

 Sliocht 1

Is mise Seosamh agus mac léinn atá ionam. Rinne mé cúpla rud do m'athair aréir. Nigh mé a charr agus ghlan mé a oifig. Tá oifig mhór aige agus bhí obair mhór agam. Tá carr beag aige buíochas do Dhia! Is breá leis a charr, áfach.

 Sliocht 2

Is mise Máire agus dochtúir atá ionam. Tá mé pósta agus tá iníon amháin agam. Pádraigín an t-ainm atá uirthi agus tá peata aici. Madadh atá ann agus is breá léi é. Rex an t-ainm atá air. Thug Pádraigín bia do Rex ar maidin agus d'ith sé a sháith. Ghlan sí a seomra féin ina dhiaidh sin.

 Sliocht 3

Tomás an t-ainm atá orm agus tá deartháir beag agam. Séamus an t-ainm atá air agus tá sé trí bliana déag d'aois. D'éirigh sé go luath ar maidin agus rinne sé réidh a bhricfeasta. Thóg sé a mhála scoile agus bhuail sé lena chairde ina dhiaidh sin. Bhí a chéad rang aige ar a naoi a chlog. D'ith sé a cheapaire ag am lóin.

 Sliocht 4

Tá cúpla comharsa againn sa bhaile, Máirín agus Pádraig. Tá siad pósta ar a chéile agus tá buachaill amháin acu. Níl cailin ar bith acu. Bhí breithlá ag a mbuachaill inné agus thug siad bronntanas dó. Tá sé ceithre bliana d'aois anois. Bhí cóisir bheag acu ina dteach féin.

Short url:   http://multidict.net/cs/2333