This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Cur in aithne

Sliocht 1

Is mise Sorcha. Is maith liom cathair Dhoire. Sin an áit a bhfuil mé i mo chónaí i láthair na huaire, cé gur rugadh agus tógadh i mBéal Feirste. Bhí mé i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, sin an áit a bhfuil mo theaghlach agus mo chairde uilig go fóill. Ní raibh mé i mBéal Feirste le tamall fada roimhe sin.

Sliocht 2

Is mise Micheál. Chonaic mé scannán maith sa phictiúrlann aréir. Scannán uafáis a bhí ann agus bhí eagla orm ina dhiaidh sin. Sin ráite, bhain mé sult mór as. Ní fhaca mé scannán chomh maith leis sin le fada an lá.

Sliocht 3

Is mise Áine. Rinne mé obair mhór sa ghairdín inné. Ní dhearna mé obair ar bith sa ghairdín le cúpla seachtain roimhe sin agus bhí cuid mhór le déanamh agam. Bhain mé an féar, ghlan mé amach an scioból agus phéinteáil mé an sconsa.

Sliocht 4

Is mise Peadar. Bhí breithlá agam inné agus fuair mé cúpla bronntanas. Fuair mé cóta nua ó mo mháthair agus uaireadóir nua ó mo dheartháir. Ní bhfuair mé airgead ar bith ar an drochuair. Chuaigh mé chuig an dioscó aréir le mo chairde ach ní dheachaigh mé chuig an teach tábhairne. Tá mé ró-óg go fóill!

 

Gluais

i láthair na huaire (at present); an tseachtain seo caite (last week); le tamall fada (for a long time); le fada an lá (for many's a day); roimhe sin (before that).

 

 

 

Short url:   http://multidict.net/cs/2344