This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Prionsias Mac Cathmhaoil

Is mise Proinsias Mac Cathmhaoil. Is fiaclóir mé. Is as an Charraig Mhór ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí in Ard Mhacha le cúig bliana déag, idir a bheith ag staidéar ar an ollscoil agus ag obair.

 

Tá dúil as cuimse sa dreapadóireacht agam agus ag deireadh na seachtaine beidh mé féin agus beirt chairde de mo chuid ag dul go Dún na nGall ar thuras dreapadóireachta. Go Gaoth Dobhair a bheas muid ag dul.

 

Fágfaimid Ard Mhacha i dtrátha a sé a chlog tráthnóna Dé hAoine. Caithfimid ár ngléasraí dreapadóireachta isteach i gcófra an chairr – rópaí, bacáin, casúir agus ar araile – agus imeoimid linn.

 

Cuirfear fearadh na fáilte romhainn sa teach ósta nó tá seanaithne againn féin agus ag lucht an óstáin ar a chéile, nó is minic a stop muid ansin roimhe. Ólfaimid cupa caife agus íosfaimid greim gasta. Beimid traochta i ndiaidh lá oibre a dhéanamh agus turas fada a chur dínn. Rachaimid a luí ansin mar tá rún againn a bheith ar ár gcois go luath ar maidin Dé Sathairn.

 

Éireoimid ar a seacht a chlog agus íosfaimid bricfeasta mór. Tabharfaimid lón linn a bheas déanta réidh ag foireann an óstáin dúinn – tá siad iontach garach ar an dóigh seo mar tá siad cleachtaithe le dreapadóirí a bheith ar lóistín acu. Tá na radharcanna an-deas agus an t-aer an-ghlan ar fad.

 

Rachaimid chun an tsléibhe ansin agus caithfimid an lá uilig ag dreapadóireacht. Tá súil agam go mbeidh an aimsir go maith. Fillfimid ar an teach ósta idir a cúig agus a sé a chlog. Beidh cithfholcadh againn agus déanfaimid ár scíste roimh an dinnéar.

 

Beidh dinnéar againn i mbialann an óstáin. Beidh ocras mór orainn i ndiaidh an lá a chaitheamh ar an sliabh. I ndiaidh an dinnéir rachaimid isteach sa bheár agus ólfaimid dornán piontaí. Bíonn seisiún ceoil traidisiúnta ann gach oíche Shathairn agus bíonn cuideachta ar dóigh ann. Ní bhainfimid an leaba go dtí leath i ndiaidh a haon déag nó mar sin. Beimid tuirseach, ach beimid sona, sásta san am céanna.

 

Gluais

as cuimse (huge); de mo chuid (of mine); bacáin (pegs); dornán piontaí (a few pints).

Short url:   http://multidict.net/cs/2345