This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Spéiseanna

Comhrá 1:

A: Cén dóigh, a Sheáin?

B: Dóigh bhreá, go raibh maith agat. Ar mhaith leat deoch?

A: Ba mhaith liom deoch, cinnte.

B: Cén cineál ba mhaith leat?

A: Ba mhaith liom deoch te.

B: Agus ar mhaith le Síle deoch, tchím thall ansin í?

A: Fan, cuirfidh mé ceist uirthi. "A Shíle, cad é ba mhaith leat?"

A: Ba mhaith léi cupán caifé.

B: Agus cad é faoi na páistí? Ar mhaith leo deoch, nó rud éigin eile, b'fhéidir?

A: A pháistí, cad é ba mhaith libh? Sú oráiste? Sea, deir siad gur mhaith leo dhá ghloine sú oráiste.

Gluais: Cén dóigh - how are things; dóigh bhreá - grand; Cén cineál - what sort; tchím thall ansin í - I see her over there; cuirfidh mé ceist uirthi - I will ask her; rud éigin eile - something else; sú oráiste - orange juice

Comhrá 2:

A: A Mháire, cén áit ar mhaith leat dul anocht?

B: Níl a fhios agam. Níor mhaith liom dul amach chuig an teach tábhairne, cibé.

A: Maith go leor, cén áit ar mhaith leat dul, mar sin?

B: An phictiúrlann, b'fhéidir. Sílim gur mhaith liom scannán a fheiceáil.

A: Go breá. Cén scannán ba mhaith leat a fheiceáil?

B: Is cuma liom. Is maith liom scannáin ghrinn. Sílim gur mhaith liom scannán grinn a fheiceáil.

A: Maith go leor. Níor mhiste liom féin dul ann. Cuirfidh mé glaoch ort ar ball.

Gluais: anocht - tonight; teach tábhairne - pub; an phictiúrlann - the cinema; scannáin ghrinn - comedies; cuirfidh mé glaoch ort ar ball - I will phone you shortly.

 

Short url:   http://multidict.net/cs/2391