This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Seachtain 10 Bliain 1 Baill an Teaghlaigh

Seachtain 10. Bliain 1. Dioplóma

Comhrá A:

Is mise Máire. Tá mé i mo chónaí i nDoire. Tá triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha agam. Tá cuid mhór col ceathracha agam agus triúr seantuismitheoirí agam.

Comhrá B:

Seán an t-ainm atá orm agus tá mé i mo chónaí i mBéal Feirste. Tá mac amháin agus beirt iníonacha agam agus tá beirt deartháireacha agam ach níl deirfiúr ar bith agam. Tá beirt seantuismitheoirí, deartháir céile agus beirt deirfiúracha céile agam.

Comhrá C:

Peadar is ainm dom. Tá cónaí orm faoin tuath. Níl deirfiúr ná deartháir agam. Is páiste aonair mé! Tá mé pósta, áfach, agus tá mac amháin agus iníon agam. Síle is ainm do mo bhean chéile. Tá triúr deirfiúracha agus beirt deartháireacha aici.

Comhrá D:

Tá mo dheartháir ina chónaí i Sasana. Tá sé pósta. Pádraigín an t-ainm atá ar a bhean chéile. Tá beirt deirfiúracha agus triúr deartháireacha aici. Tá roinnt deartháireacha céile aici agus tá leasathair aici chomh maith.

Short url:   http://multidict.net/cs/2397