This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Nósanna na Nollag in Éirinn

  1. Cad iad na nósanna a bhaineann leis an Nollaig in Éirinn?

Is dóigh liom go bhfuil cuid mhór de na nósanna céanna a bhaineann leis an Nollaig in Éirinn a bhaineann leis an Nollaig i ngach tír eile, tíortha san Eoraip ach go háirithe. Bíonn an crann Nollag ann, cinnte, agus bíonn an traidisiún ann fá Dhaidí na Nollag, nó San Nioclás, ag teacht anuas an simléar le bronntanais a fhágáil do pháistí. Ar na saolta seo, faigheann páistí bronntanais, agus itheann daoine cuid mhór bia agus ólann siad i bhfad barraíocht alcóil. Caitheann daoine cuid mhór airgid, an iomarca, b’fhéidir, agus an chuid is mó den am, ní dhéanann páistí súgradh leis na bréagáin ach ar feadh seachtaine i ndiaidh dóibh iad a fháil. Is mór an trua é, agus níos mó ná a leathchuid den domhan ag fáil bháis leis an ocras!

 

  1. An bhfuil difríochtaí ar bith idir na nósanna sa chathair ná na nósanna faoin tuath?

Déarfainn go mbíodh difríochtaí ann, ach anois nach bhfuil an oiread céanna difríochtaí ann agus a bhíodh. Crann cuilinn a bhíodh in úsáid den chuid ba mhó faoin tuath in Éirinn in áit an chrainn a bhíonn in úsáid againn sa lá atá inniu ann. Ina theannta sin, gé a d’itheadh daoine faoin tuath ach turcaí an fheoil a d’itheadh muintir na mbailte móra agus na gcathracha. Déarfainn, sa lá atá inniu ann, go mbíonn Nollaig níos traidisiúnta ag muintir na tuaithe agus go bhfuil go leor de na nósanna a bhíodh ann á gcleachtadh go fóill. Tá traidisiún áirithe ann a bhíonn ag brath ar chúrsaí aimsire, ar ndóigh. Bíonn sé doiligh fear sneachta (nó bean!) a thógáil muna mbíonn sneachta ar bith ann.

 

  1. An bhfuil an tábhacht spioradálta a bhaineann leis an Nollaig caillte?

Bhí mé ag éisteacht le clár ar an raidió cúpla lá ó shin, agus bhíothas ag caint ar scéal na Nollag agus na drámaí a bhíonn ar siúl sna scoileanna. Is cosúil go bhfuil scoileanna ann anois nach n-insíonn an scéal traidisiúnta ar eagla go gcuirfí isteach ar dhaoine nach gcreideann ann, agus tugtar carachtair nua-aimseartha isteach le drámaí a léiriú dá bharr. Ní miste liom féin, ach is deas an rud é an scéal a chluinstin uair sa bhliain ar a laghad. Mothaím féin go bhfuil spioradáltacht ag baint leis an Nollaig go fóill, gan aon dabht. Don té a théann ar aifreann, níl rud ar bith is suaimhní ná suí agus bheith ag éisteacht le ceol na Nollag ar oíche Nollag. Is ann don spioradáltacht má théitear ar a lorg!

Short url:   http://multidict.net/cs/2410