This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Lá Fhéile Vailintín

Cainteoir 1: Níl ann ach seafóid. Achan bhliain ar an lá sin téimse amach agus níor rug bean ar bith orm riamh. Níl sé ag obair, cad é an cineál naoimh é?

 Cainteoir 2: Bhuel, mo thuairimí ar Lá Fhéile Vailintín, ceapaim go bhfuil sé seafóideach. Is fuath liom an lá agus níl mé ag iarraidh bronntanais nó tada ar an lá sin, ní cheapaim go bhfuil sé rómánsúil.

 Cainteoir 3: Caithfidh mé a rá gur rud é atá anois cosúil le laethanta eile ina ndéantar lá mór de thar cúpla lá in ionad lá amháin, cosúil le Lá Fhéile Pádraig. Tá barraíocht commercialachais taobh thiar de.

 Cainteoir 4: Fiú nuair a bhí gasúr agam, ní dhearna muid mórán. Bhí muid i Nua-Eabhrac bliain amháin ar Lá Fhéile Vailintín agus mhúscail mé agus bhí sé thart ar cúig a chlog tráthnóna agus dúirt mé ‘Lá Fhéile Vailintín atá ann inniu, an bhfuil a fhios agat?’ Ach, níl a fhios agam. Ach rachaidh mé amach cibé ar bith mar tá mé saor ón scoil an lá ina dhiaidh, an bhfuil a fhios agat.

 Cainteoir 5: Tá fadhb agam le Lá Fhéile Vailintín. Ní hé go bhfuil aon phrionsabal agam ina éadan, ach níor chleacht mé ariamh é. Agus tá mé seasca a dó anois, agus níl mé a rá go mbeidh mé ag toiseacht anois.

 Cainteoir 6: Seo an chomhairle is fearr. Coinnigh do chloigeann síos, maith go leor, seo do na fir.

 Cainteoir 1: Huh, Lá Fhéile Vailintín. Ní bhfuair mise cárta, ní bhfuair mé bláthanna. Seans go gcuirfidh mé cuid chugamsa féin i mbliana. Sin an rud a dhéanfaidh mé. B’fhéidir go mbeidh sé níos fóirsteanaí dom sin a dhéanamh. Sin é.

 Cainteoir 7: Níl mórán ar eolas agam faoin traidisiún é féin agus an naomh is dócha, ach b’fhearr liom mo ghrá nó cibé rud, nó mo chaidreamh a cheiliúradh am éigin eile mar ceapaim ag an deireadh seachtaine go mbíonn rudaí róchostasach, agus mar sin de ní hé sin an rud a bhfuil suim agamsa ann is dócha, ach do dhaoine áirithe tá sé deas.

 Cainteoir 8: Bhuel, ní dhéanann muid mórán faoi Lá Fhéile Vailintín nuair atá chuile lá cosúil le Lá Fhéile Vailintín…..

Short url:   http://multidict.net/cs/2444