This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Laethanta saoire na Cásca

Laethanta saoire na Cásca a bhí ann. Bhí Luke agus Síle ag siopadóireacht sa chathair nuair a chonaic siad fógra i nGaeilge ar dhoras an tsiopa cheoil. Dúirt Síle go raibh áthas uirthi an Ghaeilge a fheiceáil sa chathair. Cheap Luke go raibh dualgas orthu an Ghaeilge a chur chun cinn. Nuair a d’fhill siad ar an teach chuardaigh siad eolas faoin nGaeltacht ar an Idirlíon. Tháinig ar leathach Facebook faoi thuras chun na Gaeltachta. Bheartaigh siad clárú don turas. An tseachtain ina dhiaidh sin, chuaigh Luke agus Síle ar an turas. Chaith siad seachtain i nGaeltacht Chonamara. Bhí ranganna cainte acu ar maidin. Um thráthnóna, d’imir siad eitpheil ar an trá. San oíche, bhí céilí acu i Halla na Scoile. Nuair a d’fhill siad ar scoil, bheartaigh siad iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn. D’eagraigh siad ciorcal cainte sa Ghaeilge ag am lóin i Halla na Scoile. Tháinig slua mór chuig an gciorcal agus rinne gach duine iarracht Gaeilge a labhairt lena chéile. Thosaigh Síle ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar a bealach ar scoile gach maidin. Tar éis scoile, chaith siad roinnt ama ag féachaint ar chláracha ar TG4. Cheap Síle gurbh fhiú féachaint ar TG4 chun tacú leis an nGaeilge. Ag deireadh na bliana, bhronn an múinteoir Gaeilge gradam ar Luke agus ar Shíle. Dúirt sí go ndearna an bheirt acu an-obair ag neartú na Gaeilge sa scoil agus sa cheantar. Bhí Síle agus Luke an-bhródúil astu féin.

Gluais:

ar dhoras an tsiopa cheoil – on the door of the music shop

cheap Luke go raibh dualgas orthu – Luke thought it was their duty

a chur chun cinn – to promote

Idirlíon – Internet

um thráthnóna – in the afternoon

ciorcal cainte – conversation circle

cheap Síle gurbh fhiú féachaint ar TG4 – Síle thought it would be worth watching TG4

deireadh na bliana – the end of the year

ag neartú na Gaeilge – strengthening Irish

an-bhródúil – very proud.

Short url:   http://multidict.net/cs/2451