This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Léamhthuiscint ag Ard-Leibhéal

http://dl.dropbox.com/u/13523132/session%201.wav

Áilleacht na tíre á scrios ag an tsíorthógáil

Tá síorthógáil ag dul ar aghaidh sa tír seo agus tá stráicí móra den tírdhreach is deise ar domhan millte againn. Níl oiread tóir ar na láithreacha móra turasóireachta is a bhíodh de bharr go bhfuil siad breac le tithe. Is láithreán tógála mór millteanach í an tír agus blocanna móra stroighne á dtógáil ó cheann ceann na tíre nach bhfuil ag teacht ar chor ar bith leis an taobh tíre. Tá an áit breac le “Pinewoods”, “Oak Way” agus “Willow Drive” – eastáit a ainmníodh in onóir na gcrann a leagadh le iad a thógáil!

Deirtear nach gcuireann radhairc dheasa bia ar an phláta, ach tá go leor daoine ag brath ar an turasóireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír. Is cinnte nach mbeidh an oiread céanna turasóirí ag tarraingt ar Éirinn má leantar leis an lot ar cheantair ardáilleachta. Bhíodh Gearmánaigh, Meiriceánaigh agus Sasanaigh ag teacht anseo ar mhaithe leis an spás agus le ceantair sáráilleachta nádúrtha a fheiceáil a raibh codarsnacht mhór idir iad agus na cathracha tionsclaíocha ina gcónaíonn siad. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go dtiocfaidh na turasóirí anseo ar mhaithe leis na hóstáin mhóra atá ag gobadh aníos go flúirseach ar fud na tíre.

aithfear cuimhneamh fosta gur linne, muintir na hÉireann, na radhairc dheasa seo agus nach bhfuil a dhath le saothrú againne as iad a loit. Dornán beag daoine atá ag líonadh a gcuid pócaí féin as an loitiméireacht timpeallachta atá ar siúl. Faoin am a mbeidh siad críochnaithe beidh dreach na tíre athraithe ó bhonn agus beidh sé dodhéanta é a chur ina cheart arís.

Is minic nach mbíonn éileamh áitiúil ann go fiú do na heastáit atá á dtógáil. I dTír Chonaill, mar shampla, tá neart an phunta Sterling in éadan an euro ag tabhairt deise do dhaoine as baile isteach tithe saoire a cheannach agus a thógáil. Dá bharr seo, is líonmhaire in áiteanna na tithe saoire ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana. I gceantair eile ar chósta an iarthair is mó i bhfad an teacht isteach a bhíonn ag feirmeoirí ó dhíol suíomh ná ó shaothrú na talún. Is ar an chóras cam pleanála atá an milleán. I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos maidir le cead pleanála. Abhus in Éirinn tá lámh na bpolaiteoirí le sonrú ar an phróiseas agus vótaí le gnóthú as cead pleanála a fháil do dhaoine, beag beann ar an dochar a dhéanfa don taobh tíre.

© Excerpt from article by Breandan Delap, published in online magazine Beo! (www.beo.ie) Eagrán 63 – Iúil 2006

Short url:   http://multidict.net/cs/263