This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Seachtain 8 Lá Fhéile Pádraig Dioplóma Bliain 1 2015

Colm: Bhuel, liom anseo inniu, tá Shannon agus Julie. So, tosóidh mé leatsa ar tús, a Shannon. Inis dom, go díreach, cad é a rinne tú inné?

Shannon: Chaith mé an lá iomlán i gCathair Ard Mhacha. Bhí dhá mhórshiúl againn. Ar dtús, bhí ceann ag na gasógaí agus na clubanna áitiúla thart ar an áit agus ansin bhí an ceann eile le achan duine eile – grúpaí móra a bhfuil baint acu le hArd Mhacha. Bhí sé ar dóigh, bhí na mílte ann. Cuid mhór ceoil agus craic, craice againn ar na sráideanna.

Colm: Iontach maith. Julie, an cheist chéanna, ar ndóigh. Cad é mar a chaith tusa an lá – Lá Fhéile Pádraig?

Julie: Bhuel, bhí mé ag obair ar an drochuair, ach ina dhiaidh sin, bhuail mé le mo chairde agus chuaigh muid chun dinnéar a fháil agus chuaigh muid chuig an teach tábhairne fosta fá choinne cúpla uair agus ansin chuaigh mé abhaile mar bhí ollscoil agam inniu, so..

Colm: Iontach maith ar fad. Agus, a Shannon, cad é a dhéanann tú in Ard Mhacha de ghnáth, nó go hiondúil?

Shannon: De ghnáth, mar a dúirt mé, bíonn i gcónaí mórshiúl ollmhór ann mar tá baint ollmhór idir Ard Mhacha agus Naomh Pádraig, so, bíonn craic ar dóigh againn ansin. Sin é, bíonn cóisir mhór ag achan duine i lár an chathair (na cathrach) agus…

Colm: Iontach maith, agus a Julie, ar mhaith leatsa, dá mbeadh an rogha agat, Lá Fhéile Pádraig a chaitheamh i dtír inteacht eile?

Julie: Ba bhreá liom dul chuig Meiriceá, b’fhéidir, mar feicim a lán rudaí ar an teilifís, agus ar an dóigh a mbíonn sibhse (siadsan) ag ceiliúradh agus nuair a bhí mé i nDoire bhí a lán daoine ar na sráideanna ag ól agus bíonn siad ag ceiliúradh ar an dóigh sin ach i Meiriceá, bíonn siad ag ceiliúradh an lá (an lae) in áit ag ól barraíocht. Ní bhíonn sin deas é a fheiceáil.

 

Short url:   http://multidict.net/cs/2653