This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Conal in Albain

Dia daoibh, a chairde, is mise Conal  Mac Seáin agus seo an darna lá domsa a bheith anseo i mBeinn nam Fadhla anseo i nGaeltacht na hAlban. Bhain mé an-sult as an turas, caithfidh mé a rá. Bhí an aimsir go holc nuair a tháinig sinn* i dtír inné ach tháinig biseadh** air inniu. Is dócha an rud is fearr ar bhain mé féin sult as inniu nó nuair a chuaigh sinne** suas ar an chnoc. Bhí sé galánta ar fad agus bhí radharc iontach againn ar an taobh tíre iomlán agus chonaic sinn na hoileáin eile i bhfad uainn agus na sléibhte a bhí ar na hoileáin eile agus na locha uilig a bhí ar na hoileáin seo agus sa cheantar agus…tá cosúlachtaí go leor idir seo agus an baile. Thiocfadh linne bheith anseo insna*** Rossa i dTír Chonaill agus is beag an difear atá eatarthu ó thaobh dhreach na tíre. Is dóiche, bhí na daoine iontach deas linn fosta. Bhí am ar dóigh againn ina gcuideachta aréir agus chuir siad fearadh na fáilte romhainn agus bhí an-chomhluadar ann, caithfidh mé a rá, agus tá cuid mhór cosúlachtaí idir muintir na háite seo agus muintir an bhaile agus bhí sé sin iontach suimiúil an plé na gcosúlachtaí seo leofa**** aréir agus inniu agus is dócha gur sin é. Go raibh maith agaibh.

 

* sinn – muid

** biseach

*** sinne – muidne

**** insna – sna

Short url:   http://multidict.net/cs/2781