This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Tithíocht agus Pleanáil sa Ghaeltacht

Sa mhír seo déanann Máire Ní Neachtain cur síos ar chúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. Dearadh an t-ábhar seo don Siollabas Nua Gaeilge don Dara Bliain (3ú Leibhéal)

Dá gcuirfí ceist ort céard é Gaeltacht, is dócha go ndéarfá, bhuel, sin áit a labhraíonn an pobal Gaeilge. Agus dar ndóigh, sin é atá i gceist le Gaeltacht. Ach má dhéanann tú iniúchadh níos doimhne ar an scéal, is dócha go mbeifeá ag súil gurb in ceantar ina labhraíonn an pobal ar fad Gaeilge lena chéile i chuile ghné den saol. Agus ar ndóigh, feiceann tú an cheist ansin ar an bpointe, mar an té a bhfuil cleachtadh aige ar a bheith ina chónaí sa nGaeltacht, nó go deimhin féin a bheith ag feidhmiú sa nGaeltacht, nó a bheith fiú amháin ar cuairt sa nGaeltacht, tuigeann tú nach Gaeilge ar fad atá ar fáil in aon cheantar Gaeltachta anois – go bhfuil chuile cheantar go mór faoi bhrú an Bhéarla go háirid, agus go deimhin faoi bhrú ag teangacha eile.

Bíonn muid, is dóigh, in Éirinn, ag faire ar céard iad líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, mar gurb in í an cheist a chuirtear sa daonáireamh le sainiú a dhéanamh ar cá bhfuil na ceantair is láidre agus cá bhfuil na ceantair is laige. Agus tuigtear ó na figiúirí ar fad go bhfuil titim ag teacht ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar fud na tíre. Anois le teacht roimhe sin…tá…thug an rialtas isteach roinnt áirid straitéisí le hiarrachtaí a dhéanamh faire a choinneáil ar líon na gcainteoirí laethúla, agus ar ndóigh is é dúshlán chuile cheantar líon na gcainteoirí laethúla sin a ardú. Tá tacaíocht áirid le fáil ón Acht Pleanála agus Forbartha a tháinig i réim sa bhliain 2000 mar gur leagadh dualgais ar na húdaráis phleanála ansin cúram a dhéanamh do chúrsaí oidhreachta agus cúrsaí cultúir na gceantar ina bhfuil siad ag feidhmiú. An rud a rinne cuid de na Comhairlí Contae atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta chuige sin, ná anois go bhfuil siad ag éileamh ráiteas tionchar teanga i gcás aon fhorbairt ina mbeadh níos mó ná dhá aonad tithíochta, nó go deimhin más eastát tithíochta é go gcaithfidh siad a rá cén tionchar a bheas ag an bhforbairt sin ar líon na gcainteoirí laethúla atá sa gceantar ina bhfuil siad ag feidhmiú cheana féin.

Anois, má bhreathnaíonn muid ar cheantar an Spidéil, agus is fiú breathnú ar an gceann sin, mar gur sa Spidéal a luadh an chéad choinníoll teanga a bheith ceangailte le haon chead tógála. An rud a rinne Comhairle Contae na Gaillimhe an t-am sin ná nuair a chuir comhlacht iarratas isteach ar fhorbairt árasáin a thógáil i gceartlár an bhaile, gur thug an t-údarás, Comhairle Contae na Gaillimhe, cead dóibh an fhorbairt sin a thógáil ach go gcaithfidís a chinntiú go mbeadh 67% den fhorbairt sin á dhíol le daoine a bhfuil Gaeilge acu. Mar sin anois, tá ar Chomhairle Contae na Gaillimhe a dheimhniú go bhfuil Gaeilge ag 67% de na daoine a cheannaíonn na hárasáin san fhorbairt áirid sin. Mar de réir an daonáirimh is deireanaí, 67% de phobal an Spidéil a bhíonn ag labhairt Gaeilge go laethúil, agus dar leo, má thagann 67% eile isteach le Gaeilge go ndeimhneoidh sé sin go bhfanfaidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar an leibhéal céanna.

Anois tá daoine áirid a déarfadh nach leor sin, go dteastódh ar a laghad 70% nó níos mó, go mbeadh gá le hidirdhealú dearfach* a dhéanamh, mar rud amháin atá cinnte, tá Béarla ag chuile dhuine sa nGaeltacht, cé ar bith céard faoi a bhfuil Gaeilge ag chuile dhuine sa nGaeltacht. Mar sin, más mian linn go mbeidh Gaeilge, go mbeidh ar a laghad an leibhéal céanna Gaeilge dá húsáid, beidh gá le líon níos airde cainteoirí Gaeilge a thabhairt isteach mar gur Béarla a labhrófar leis na Béarlóirí i gcónaí. Ach sin is brí leis an ráiteas tionchar teanga – go gcaithfidh forbróir a léiriú roimh ré cén tionchar a bheas ag an bhforbairt ar an bpobal teanga agus ar an iompar teanga atá ag an bpobal sin má cheadaítear an fhorbairt sin.Róluath fós a rá an bhfuil tionchar dearfach ag an riail áirid sin.

Short url:   http://multidict.net/cs/290