This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Cúrsa Gaeltachta

Siuán: Ar chaith tú mórán ama sa Ghaeltacht le linn do chuid ama anseo san ollscoil?

Tomás: Chaith. Chuaigh mé go hÁrainn go Coláiste Ó Direáin ansin, go Coláiste Samhraidh agus ansin mar chuid den gcúrsa sa dara agus sa tríú bliain bhí orainn dul chuig an Ghaeltacht um Cháisc agus bhí orainn coicís a chaitheamh ann agus chuaigh mé féin agus cúpla cara liom go hInis Mór, go hÁrainn ansin. Agus is breá liom an áit i gcónaí, ba bhreá liom an t-am sin í agus is breá liom i gcónaí í. Mar sula ndeachaigh mé ann i nócha a dó, nuair a bhí mé cúig bliana déag d’aois, an bhfuil a fhios agat, ba bhreá liom gach ábhar scoile, an Ghaeilge ina measc, ach ábhar scoile a bhí inti. Agus nuair a chuaigh mé ann agus thuig mé den chéad uair riamh go raibh daoine ag labhairt na teanga seo chuile lá ó mhaidin go hoíche, agus ní amháin sin ach gurb í a dteanga dhúchais í, agus, díreach, níor chreid mé é agus bhí sé iontach. Chuaigh mé abhaile agus mé díreach chomh lán le díograis don teanga agus bhí sé dochreidte, bhí sé dochreidte.

Siuán: Anois rinne tú cúrsaí Gaeltachta nuair a bhí tú anseo san ollscoil. Cad é mar a thaitin siad sin leat?

Tomás: Thaitin sé go mór liom. Bhí siad solúbtha go leor, na cúrsaí Gaeltachta san ollscoil. An rud a bhí i gceist ná dul chuig an nGaeltacht, agus ní raibh mórán rudaí foirmeálta ann dáiríre agus is dóigh gurb é sin an chaoi is fearr a thaitin sé liom, nach raibh mórán ranganna le freastal orthu, go bhféadfá caint le muintir na háite faoi chúrsa teanga, an oiread leaganacha Gaeilge nach féidir liom cur síos a dhéanamh orthu anseo a d’fhoghlaim mé ann agus, díreach, cineál tuiscint a fháil ar chultúr agus ar oidhreacht na háite agus an bealach a raibh an teanga fite fuaite leosan. Agus is dóigh, an tsaoirse, gurb é sin an rud ba mhó a thaitin liom faoi na cúrsaí Gaeltachta. Dul ann ar feadh coicíse, gan aon duine cur isteach ort, i measc do chairde agus cineál, níl a fhios agam, ag útamáil leis an teanga, b’fhéidir.

Siuán: An raibh an dearcadh céanna ag do chuid comhscoláirí? An raibh siadsan sásta dul chun na Gaeltachta agus an bhfaca siad é mar sheans le snas a chur ar a gcuid Gaeilge nó, i ndáiríre, an raibh drogall orthu agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar an Ghaeltacht?

Tomás: Is dóigh, le bheith macánta, go raibh drogall ar go leor acu. Bhí duine nó beirt, b’fhéidir, a bhí ar an dul céanna liomsa ach go leor leor acu ba leasc leo ar fad ar fad dul chun na Gaeltachta um Cháisc, coicís agus bhíodar ag lorg an oiread sin bealaí leis na laethanta a laghdú, abair cead a fháil dul abhaile go luath ag an deireadh seachtaine, an ceann deireanach nó dul abhaile i rith an chúrsa. Mar bhí postanna páirtaimseartha acu. Thuig mé dóibh, mar bhí an t-ádh liomsa go raibh mé ábalta coicís iomlán a chaitheamh sa nGaeltacht ach daoine eile, bhíodar ag brath ar obair pháirtaimseartha le freastal ar an ollscoil ó cheann ceann na bliana agus anois bhí an Roinn Ghaeilge, na Nua-Ghaeilge anseo ag iarraidh orthu dul chuig an nGaeltacht agus díreach an post páirtaimseartha a fhágáil ina ndiaidh ar feadh dhá sheachtain. Agus bhíodar cineál, bhíodar ar buile mar bhí contúirt ann go gcaillfidís a gcuid postanna nuair a ghabhfaidís ann agus chaill cuid acu, now, fuaireadar postanna eile ina dhiaidh sin but chuir sé go mór as dóibh agus bhreathnaigh siad ar an rud mar riachtanas agus d’fhanadar ann agus chaitheadar an-chuid ama ag déanamh staidéir do na scrúduithe freisin, scrúduithe an tsamhraidh a bhí ag druidim linn ag an am, na hábhair eile seachas an Ghaeilge freisin agus ní dheachadar amach mórán, ní dheachadar ag caint le muintir na háite mórán. Rinneadar na riachtanais a chomhlíonadh agus b’in é.

Short url:   http://multidict.net/cs/291