This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Comhrá le hoifigeach óige ag An Carn (POOLS3-3)

Caoimhín: Maith go leor a Ghráinne, tá cá mhéad mí anois istigh ó fuair tú an chéim?

Gráinne: Sé mhí,

Caoimhín: Sé mhí, agus cad é a bhí ar bun agat ó shin?

Gráinne: Bhí mé ag obair anois mar oifigeach óige anois i gCarn Tóchair, agus tá ag éirí go maith liom caithfidh mé a rá, is breá liom é, mar gheall gurb as an cheantar seo mé, tá an tsuim sin agam agus tá sé deas a bheith ag obair sa bhaile fosta, nó cóngarach don bhaile.

Caoimhín: Cad é atá i gceist le Carn Tóchair, cad é atá ann?

Gráinne: Is pobal muid a bhfuil ag iarraidh pobal dátheangach a bhaint amach leis an Ghaeilge agus an Béarla a mheascadh le chéile i gceann 50 bliain, nó is é sin an sprioc atá againn cibé ar bith, so bíonn muid ag déanamh tionscadail áirithe leis an Ghaeilge a fhorbairt nó a dhul chun cinn, ag obair leis an Ghaelscoil atá béal dorais againn nó ag obair leis na naíscoileanna atá thart ar an cheantar fosta, so ag iarraidh sin a chur chun cinn agus daoine a mhealladh leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus...

Caoimhín: An bhfuil daoine nua ag teacht isteach fosta?

Gráinne: Ag an tús thosaigh muid leis an cheantar nó leis na daoine a bhí againn cheana féin, ansin ba léir go raibh an tsuim sin ag daoine eile teacht isteach agus cónaí a bheith acu sa cheantar seo agus anois tá neart daoine nárbh as an cheantar seo daofa...agus ag obair mar mhórphobal.

Caoimhín: Agus tá rud éigin ar bun anseo nach bhfuil coitianta, sa togra seo, tá rudaí nuálacha ar bun anseo.

Gráinne: Bíonn i gcónaí, yeah.

Caoimhín: Iontach maith!

Short url:   http://multidict.net/cs/3036