This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Comhrá faoin iomáint in An Carn (POOLS3-6)

Niall: Tá dhá thicéad agam cibé, ach an rud atá ann caithfidh, tá ceithre thicéad de dhíth, mar..

Gráinne: Do do chlann.

Niall: Ní rachainn ann gan achan duine, ach tá mé measartha cinnte de go bhfaighfidh mé beirt eile.

Gráinne: Cén áit a bhfuil na ticéid?

Niall: Ardchomhairle, do dhá cheann, fuair Conradh na Gaeilge dhá thicéad don Ardchomhairle, agus níl duine ar bith ag iarraidh dul, so,

Gráinne: Déanfaidh mise na ticéid s’agamsa a mhalairt leatsa ....

Niall: Agus ansin, tá, níl a fhios agam faoin áit eile, tá ticéidí ag an chlub, so, níl a fhios agam go fóill. Déarfainn, de ghnáth na ticéidí a bhíonn ag an chlub bíonn siad ag Ardán Uí Ógáin, ach sílim go mbainfidh Tiobraid Árann. Sílim go bhfuil Cill Cheannaigh ró-aosta.

Gráinne: Tá dúil agam..

Joe: Níl a fhios agam..

Gráinne: Tá dúil agam i gCill Cheannaigh

Niall: Is breá liomsa iad, ach an fhadhb atá ann tá siad ag brath i bhfad barraíocht ar sheandaoine, chan seandaoine, ach ar na seanimreoirí theacht chun na páirce agus jab a dhéanamh, tá sin maith go leor i bhfoirne eile ach tá mé rud beag, cineál amhrasach, a fhad is go mbíonn cluiche maith ann.

Gráinne: Sin é!

Joe: Sin é!

Short url:   http://multidict.net/cs/3039