This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Coire ag An Carn (POOLS3-7)

Niall: Táimid istigh anois sa Choire, seo cineál croí An Carn agus is foirgneamh measartha nua é, tógadh é b’fhéidir bliain go leith ó shin. Is istigh anseo a tharlaíonn na ceolchoirmeacha a bhíonn ar siúl anseo i gCarn Tóchair. Mar a chí sibh tá halla mór ansin agus tá cuma iontach folamh anois ar an halla féin, ach an rud a tharlaíonn go bunúsach nuair a bhíonn na ceolchoirmeacha ann go dtugtar amach ardáin de chathaoireacha agus bíonn cuma na hamharclainne go díreach ar an áit agus tá córas fuaime go hiomlán inmheánach sa halla seo agus le gairid bhí roinnt daoine a bhí cineál mór le rá a tháinig anseo. Anuraidh mar shampla ag deireadh an tsamhraidh bhí an grúpa, an sárghrúpa Beoga ansin.

 Is iad na pleananna atá ann go bunúsach ná na grúpaí ceoil a thagann anseo nó fiú na cuairteoirí nó na daoine a bhíonn ag freastal ar na ceolchoirmeacha, go mbíonn siadsan ag fanacht sna tithe ag freastal ar na himeachtaí anseo agus go bunúsach an pobal a choinneáil le chéile, an lucht féachana a choinneáil le chéile agus atmaisféar a chruthú sa cheantar a chuirfidh is dóigh liom le híomhá na Gaeilge nó le híomhá an chultúir, is ceantar tuaithe atá i gceist anseo cé go bhfuil cuma iontach nua-aimseartha ar na foirgnimh táimid ar fad amuigh faoin tuath, tá sé b’fhéidir ceithre mhíle go dtí an baile is congáraí agus is ceantar mór feirmeoireachta ann chomh maith. Tá cuid mhór fostaíochta anseo do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus thig leat chuid mór de do shaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. 

Short url:   http://multidict.net/cs/3040