This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Caint spreagúil ó Lynette Fay (POOLS3-14)

Lynette: Le linn dom a bheith ag staidéar ar an ollscoil bhí mé i gcónaí ag déanamh rudaí eile taobh amuigh den tseomra ranga mar sílim gur sin an rud is tábhachtaí faoin Ghaeilge, gur teanga í, gur meán cumarsáide í agus sin an rud a thug mise liom agus taobh amuigh den seomra ranga bhí mé i gcónaí ag díospóireacht nó ag ceol nó ag déanamh rud inteacht a bhain leis an Ghaeilge agus a thug an Ghaeilge chun beatha domsa agus a chothaigh an caidreamh le cairde de mo chuid agus, mar sin de, tá cairde atá agam go fóill agus nach labhraím ach Gaeilge leo mar gheall air sin agus mar gheall ar na himeachtaí sin a raibh baint againn leo agus muid go háirithe ar scoil agus ar an ollscoil. Cairde atá, a fheicimse anseo inniu, bhí, in ainneoin go raibh mise i nGaillimh, daoine eile i gCúil Raithin, daoine eile i mBéal Feirste thug an Ghaeilge le chéile muid cúpla uair sa bhliain i gcónaí agus táimid uile iontach dlúth agus iontach mór agus iontach cairdiúil ó shin.

Short url:   http://multidict.net/cs/3047