This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Oíche Shamhna sa Ghaeltacht

Oíche Shamhna sa Ghaeltacht

Malachy: Bhuel, a Choilm, tá muid ag tarraingt ar Oíche Shamhna an tseachtain seo. Cad é an chuimhne atá agat ar Oíche Shamhna nuair a bhí tú i do leaid óg fá Ghaoth Dobhair?

Colm: Bhuel nuair a bhí mise i mo ghasúr óg, bhí Oíche Shamhna ina oíche speisialta dúinn, go háirithe dom féin go pearsanta. Bhí sé cosúil leis an Nollaig ar dhóigh. Bhí sé speisialta agus bhí draíocht ag baint leis. Is é an rud a rinne mé, ghléas mé suas gach bliain agus chuaigh muid go Dún Lúiche go dtí Ionad Cois Locha gach oíche Shamhna ina mbeadh féasta agus cóisir agus thiocfadh gach duine óg as an cheantar le chéile i nDún Lúiche faoi dhíon Ionad Cois Locha.

Malachy: Iontach maith, iontach maith ar fad. Agus an raibh tinte cnámh agus a leithéid mar chuid den nósmhaireacht?

Colm: Bhí agus bheadh nós ann go rachfá isteach agus bheadh úlla istigh i mbuicéad uisce agus chuirfeá…bheadh agat…is é an dúshlán a bheadh agat do chloigeann a chur síos agus greim a bhaint …cineál…do chuid fiacla nó do chuid carrach a chur isteach sna húlla agus is é an dúshlán a bheadh agat go bunúsach an t-úll a aimsiú agus…nó an t-úll a fháil amach as an bhuicéad.

Malachy: Bhí an nós céanna againne sa bhaile sin a dhéanamh. Is fear óg anois thú agus tá athrú ag teacht ar an nósmhaireacht chomh maith. Cad é mar a chaitheann tú Oíche Shamhna anois san am i láthair?

Colm: Bhuel tá rudaí rud beag difriúil anois ó thaobh sin dó. Is dócha go bhfuil tionchar an óil ann go mór, rud nach raibh orainn agus muid inár bpáistí agus ag fás aníos. Ach níl dochar ar bith ansin ar ndóigh, ach ní dhéanaim féin an iomarca mar is duine siosmaideach mé mar atá a fhios agat, a dhochtúir.

Malachy: Iontach maith, iontach maith, is maith sin. Bíodh oíche mhaith agat cibé ar bith.

Colm: Go raibh maith agat.

Malachy: Go raibh maith agat.

Short url:   http://multidict.net/cs/3228