This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte

..A phlúr na maighdean is úire gné,
thug clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
A chúl na bpéarlaí, a rún na héigse,
Dhúblaíos féile is fáilte;
A ghnúis mar ghréin i dtús gach lae ghil,
Mhúchas léan le gáire,
Is é an chumha gan mé is tú a shiúir, linn féin,
San dún sin Chéin Mhic Cáinte

Táim brúite i bpéin gan suan, gan néal,
De do chumha, a ghéag is áille;
Is gur tó mo roghain i gCúigibh Éireann -
Cúis nach séanam ás de.
Dá siúlfá, a réalta gan smúid, liom féin,
Ba súgach saor mo shláinte,
Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh,
San dún sin Chéin Mhic Cáinte.

A shuairc-bhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
Gluais liom féin ar ball beag,
Trát is buailte cléir is tuataí i néaltaibh
Suain faoi éadai bána;
Ó thuaidh go mbéam i bhfad uatha araon
Teacht nuachruth gréine amárach
Gan ghuais le chéile in uaigneas aerach,
San uaimh sin Chéin Mhic Cáinte.

Short url:   http://multidict.net/cs/3239