This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Fadhb le bruscar ar Thrá Phort Arthur i nGaoth Dobhair

Michelle:

Fuair muid glaoch ar an chlár seachtain go leith ó shin nó mar sin maidir leis an bhruscar ar fad a bhí caite ar thaobhanna na mbóithre ar an bhealach síos a fhad le trá Phort Arthur eh i nGaoth Dobhair.

Rinne muid teagmháil leis an chomhairleoir contae John Shéamuis Ó Fearraigh ag an am agus bhí sé leis an scéal a fhiosrú.

Maidin inniu ghlaoigh éisteoir eile isteach ón cheantar céanna ag gearán faoin bhruscar ar fad a bhí caite go fóill ar thaobhanna na mbóithre sa cheantar sin.

Dúirt sí go raibh droch-chuma amach ar an áit agus nach raibh roinnt den phobal sásta mar nach raibh rud ar bith déanta ó shin leis an bhruscar a thógáil.

Mar sin, chuaigh sí féin amach ar maidin agus thóg sí an bruscar ar fad a d’inis sí dúinn.

Liom anois tá an comhairleoir contae, John Shéamuis Ó Fearraigh. Fáilte romhat, a John.

John Shéamuis:

Maidin mhaith, a Mhichelle.

Michelle:

John, bhí tú féin leis an scéal seo a fhiosrú.

John Shéamuis:

Bhí mise ag caint leis an chomhairle contae agus fuair Oifigeach an Bhruscair amach ansin ón Chomhairle Contae.

Fuair sé eolas agus fuair sé eh eolas cé rinne an dumpáil seo ag an am agus tá cás á thabhairt in éadan an duine seo anois.

[Now] bheireann sé deis don duine theacht ar ais agus an bruscar a thógáil eh ní tharla sé go fóill

agus bhí mise ag caint leis a’ Chomhairle Contae ar maidin inniu agus sin sin eh an treo atá sé ag gabháil ann faoi láthair.

[But] beidh cás cúirte ag teacht amach as an bruscar sin a bheith caite ansin mar go bhfuair sé eolas eh fuair sé eolas d...

do seoladh agus rudaí a bhí istigh sa bhruscar agus tá sé tá sé a phróiseasáil sin anois faoi choinne cás cúirte a dhéanamh dó.

Michelle:

[Ah] iontach maith mar sin.

John Shéamuis:

[So, so] tá, tá rud ag tarlú maidir leis an bhruscar agus déarfainn le na le na daoine a thóg an bruscar sin eh ar maidin inniu, eh bheirim buíochas daofa ach ar thaobh an Chomhairle Contae dó agus an Oifigeach Bruscair,

b’fhearr duit é a fhágáil a’ dóigh a bhfuil sé agus tiocfaidh seisean amach agus dhéanfaidh sé a chuid fiosrúchán agus amharcfaidh sé air

agus má tá sé ábalta eolas ar bith a fháil i dtreo cé a rinne é, eh leanfaidh sé suas é agus ceann de na rudaí a bhí ann ná go raibh eh eolas aige agus go raibh sé ag tabhairt deis do na daoine seo a theacht ar ais eh len bruscar seo a thógáil.

Michelle:

Mm hmm.

John Shéamuis:

Agus nár nár tharla sin go fóill.

[But] má tá an bruscar [still] ansin eh labharfaidh mise leis a’ Chomhairle Contae arís [but] lean mise suas sin eh a’ tseachtain seo caite

nuair a nuair a luaigh tú liom é agus sin sin a’ t-eolas a fuair mise ón Chomhairle Contae agus tá tá siad leanstan ar aghaidh lena lena fiosrúcháin go bhfaighidh siad an duine sin.

Michelle:

Iontach maith mar sin an t-aon dóigh le ghabháil fá dtaobh do rudaí mar seo anois, a John má tá daoine go fóill a’ dumpáil go mídhleathach ehm sórt cásanna a thabhairt ina n-éadan leis an scéal a fháil amach gan a bheith a’ dumpáil.

John Shéamuis:

[Yeh, yeh] bhal tá fadhb bocht againne insa cheantar le le dumpáil eh bhí duine ag ráit gur b’fhéidir turasóir a rinne é <... áit úr> a dhéanamh.

Ní dhéanfaidh sé aon difear cé atá á dhéanamh, tá an dumpáil [still] ag gabháil ar aghaidh agus caithfidh muid, níl a fhios agam cé acu ab é

oideachas atá a’ dhíobháil ar dhaoine amuigh ansin eh go bhfuil ceantar álainn againne eh [even] Cloich Cheannfhaola, na Rosa ‘s Gaoth Dobhair tá sé tá sé a’ tarlú achan áit.

Bhí mé ag caint leis an oifigeach ansin ar maidin agus tá [budget] aige sin a’ choinne bruscar a ghlanadh suas fríd an bhliain, níl a dhath aige, fiche míle euro sa bhliain de [budget] le le rud a ghlanadh suas agus tá mar tá a fhios agat féin tá deacrachtaí ann le airgead sa lá atá inniu ann ag a’ Chomhairle Contae ...

agus eh bheinn a’ moladh fosta do daoine atá amuigh ansin má thigeann siad trasna ar bruscar scairt ar a’ Chomhairle Contae agus tiocfaidh an t-oifigeach amach agus dhéanfaidh sé scrúdú

ar a’ ar a’ bhruscar agus má tá sé ábalta eh fáil amach nó má... fáil amach a’ bhfuil a dhath istigh sna málaí atá ábalta treoir a thabhairt dósan cé cé a rinne é beidh sé i dteangmháil leo.

Michelle:

[Mm hmm] Agus ansin an ndéanann an Comhairle Chontae an bruscar sin a thógáil ar shiúl?

John Shéamuis:

<Bheireann siad orthu é féin > a thógáil ar shiúl agus muna muna dtabharfadh siad cuirfidh siad fianaise eile orthu agus ansin tógann na Comhairle Condae ar shiúl é.

Michelle:

Sé. [So] tá próiseas leagtha síos.

John Shéamuis:

Tá próiseas leagtha síos agus molaimse do do do dhuine ar bith a thiocfas trasna ar málaí mar sin eh caite scairt a chur ar a’ Chomhairle Condae agus beidh an beidh an oifigeach é féin amuigh ag déanamh scrúdú.

Michelle:

Mm hmm. Maidir le vanannaí campála de, bhí mé a’ caint le duine íneacht ar maidin fosta faoi seo agus iad a’ rá go bhfuil siad eh daoine ag úsáid na trá thart ansin ag tráigh Phort Artur agus maise go leor tránna eile eh fán taobh seo tíre, áit nach bhfuil aon áiseanna fána gcoinne, a John.

An Bhfuil rud ar bith a thig a dhéanamh seo faoi seo nó an bhfuil dlí ar bith leagtha síos faoi seo?

John Shéamuis:

 Bhuel tá seo ag titim faoin phróiseas pleanála aríst. Eh mar shampla, bhéarfaidh mé dhá shampla <duit anois> macasamhail Machaire Gathláin anois.

Tháinig na húinéirí talamh ansin le chéile agus dúirt siad nach raibh cead campála i Machaire Gathlán.

Eh tá comharthaí úra le theacht ansin gan mhoill, tá trí chomhartha eh ordaithe ag a’ Chomhairle Contae,

eh i mBéarla agus i nGaeilge eh le taispeáin na cuairteoirí nach bhfuil cead ehm [caravan] a chur isteach thíos ansin.

I bPort Artur tá an scéal difriúil chuaigh comharthaí in airde ansin agus caitheadh amach le leis an fharraige iad.

Eh tá ceist mhór ansin eh ag úinéirí an talamh eh an bhfuil siad a’ tabhairt cead daofa agus eh ‘bhfuil cead pleanála ag úinéirí an talamh na [caravans] eh a bheith ar ansin in in Port Arthur

agus tá an próiseas seo ag gabháil a ghlacadh am fada mar nuair nuair a thagann sé fríd a’ [process] tá na [caravan] eh ar shiúl ar aist eh tá an saoire thart acu tá <…. ghabháil ar ais> cá bith áit a dtáinig siad as agus eh [you know] tá tá tá sé deacair.

[So] eh tá sé eh úinéirí an talamh agus tá uilig ag baint le pleanáil arís.

[Now] mar a dúirt tú go raibh áiseannaí ansin tá in Croithlí eh páirc ansin acu agus tá na áiseannaí ar fáil daofa.

Tá ceann eile ar a’ Chraosloch agus tá ceann ann eh ar a’ Chlochlán Liath.

Tá triúr a bhfuil a fhios agamsa go fóill fá choinne cuairteoirí agus b’fhéidir gur sin eh deis eile le amhanc i nGaoth Dobhair áit íneacht eh páirc mar seo a fhorbairt agus b’fhéidir fostaíocht a chur ar siúl eh do cuairteoirí.

Tá muid ag iarraidh cuairteoirí a theacht go dtí an ceantar cinnte, eh tá áit álainn againn agus eh níl muid in éadan cuairteoirí ná ná lucht [caravan] ná a dhath ar bith mar sin

ná lucht campála [but] ba chóir do áis a bheith ann áit inteacht sa cheantar eh do chuairteoirí a dtiocfadh leo ghabháil isteach ann.

Michelle:

 Go díreach téacs a tháinig isteach, ehm, a John Shéamuis maidir leis an bhruscar atá dumpáilte ar bhealach an ghleanna, an bhfuil eolas ar bith agat fá seo?

John Shéamuis:

 Níl.

Michelle:

 Níl.

John Shéamuis:

 Níl a fhios agam, níl san am i láthair. [But] má má má chuir an eh cá eh bith cé a chuir a’ scairt sin abair <…> thig leat m’uimhir a thabhairt dó agus eh déileálfaidh mé leis.

Michelle:

Ceart go leor.

John Shéamuis:

Faoi láthair tá mé, tá mé i nGleann Cholm Cille a’ déanamh campaí samhraidh is tá muid in Cill Chartha inniu.

Tá muid ag meascadh na campaí agus eh níl níl mé thart fán bhaile go fóill [but] tá mé féin ag obair d’óige na Gaeltachta mar is eol duit agus tá mé eh a’ déanamh na gcampaí anseo ‘a choinne sea... coicís agus ehm níl an aimsir i gcónaí abhus anseo b’fhéidir go bhfuil aimsir mhaith i nGaoth Dobhair.

Michelle:

Bhuel, níl sé, níl sé ach go...

John Shéamuis:

 Níl aimsir mhaith anseo.

Michelle:

Níl sé ach go measartha anseo, John, ach scaoilfidh mé leat ach mar a dúirt tú ag an tús ansin

John Shéamuis:

 [Yeah].

Michelle:

Duine ar bith a fheiceann aon málaí dumpáilte ar thaobhanna na mbóithre nó aon áit, fios a chur ar an Chomhairle Contae agus ghabháil fríd an phróiseas iomlán sin. Ceart go leor, John go raibh maith agat as a bheith linn ar an chlár maidin inniu.


Short url:   http://multidict.net/cs/6043