This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Spiorad na Nollag

Barúil ón Bhosca from Meon Eile on Vimeo.

Cainteoir 1:

Is ócáid theaghlaigh atá sa Nollaig domsa go príomha. Is maith liom a bheith ag dul ar cuairt chuig mo mháthair um Nollaig, agus am a chaitheamh le mo theaghlach agus le clann mo dhearthár agus mo dheirfiúracha. Bíonn mo dheartháir eile ag teacht abhaile as an Éigipt gach bliain agus tagann achan duine le chéile ar an Nollaig agus bíonn dinnéar mór againn insan teach. Ag an Nollaig fosta bímse ag smaoineamh ar m’athair, fuair m’áthair bás sa bhliain 2009, agus ós rud é gur am mór atá ann don teaghlach bímse ag smaoineamh ar m’athair fosta agus bíonn an t-am againn roinnt paidreacha a rá agus dá réir sin do na daoine nach bhfuil thart níos mó, mo sheanmháthair, m’athair agus daoine eile sa teaghlach.

Cainteoir 2:
 
Spiorad na Nollag domsa ná an t-atmaisféar a bhíonn thart, is cuma cén áit ina bhfuil tú, Baile Átha Cliath, Béal Feirste nó Gaillimh. Bíonn an t-atmaisféar a bhíonn san áit agus daoine an-sásta faoi, is cuma más laethanta saoire a bhíonn i gceist, bronntanais a fháil nó cairde ag teacht abhaile ó thíortha eile nach bhfaca tú ar feadh míonna, b’fhéidir bliain iomlán, agus freisin gur féidir linn an tseachtain nó coicís atá saor againn a úsáid de dul abhaile agus am a chaitheamh le do chlann. I mo theach féin tagaimid le chéile le dinnéar na Nollag a bheith againn agus téimid b’fhéidir ar cuairt chuig cúpla duine de na gaolta atá againn atá ina gcónaí thart orainn. An lá is fearr liomsa thart ar an Nollaig ná Lá Fhéile Stiofáin nó Lá an Dreoilín, mar téimid thart ye know go háras na seandaoine, agus ansin téimid chuig na pubanna ar fad ag bailiú airgid ar son carthanacht éigin ach bíonn neart craic againn féin agus muid á dhéanamh ag casadh ceoil, amhrán agus ag damhsa agus é sin ar fad.

Short url:   http://multidict.net/cs/6225