This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

SJS: Caoilte mac Crannchair

LÁ de na laetha agus uair de na huaire a rinne Fionn mac Cumhaill agus na Fianna seilg i nGleann an smóil, phill siad chun an bhaile tráthnóna agus chan le málaí folmha. Bhí tráth maith bia réidh fána gcoinne agus d’ith siad go fonnmhar é, nó bhí an t-ocras orthu i ndiaidh an tsiúil.

Nuair a bhí an bia caite, shuigh siad thart, achan bheirt is achan triúr is a gcaitheamh aimsire féin acu. Chuaigh Caoilte mac Crannchair mhic Rónain agus Diarmaid ó Duibhne a dh’imirt fichille; agus bhí sin acu cluiche mór fada righin, nó ba mhaith an dá imreoir iad.

Chruinnigh na fir thart ina dtimpeall á mbreathnú. Cibé nach raibh ann bhí Conán Maol ann agus níorbh údar suaimhnis ar bith é, nó ní fhaca sé riamh aon bhuille ar shlí a bhuailte nár bhuail sé, nó aon fhocal ar shlí a ráite nár dhúirt sé. Mhair cluiche na fichille go raibh sé déanach san oíche, ach fá dheireadh fuair Diarmaid an bua.

“Tá tú buailte,” arsa Conán le Caoilte.

“Chan fhuil mé buailte,” arsa Caoilte. “ Ní raibh mé ach ag amaidí.”

“Glam na con i ndiaidh a sáraithe,” arsa Conán. “Rinne tú do dhícheall agus chaill tú.”

As sin a tháinig. D’éirigh an troisneach idir an bheirt. Chuaigh an chuid eile de na Fianna sa spairn, gach fear i leith a dhuine féin, agus thosaigh an greadadh. Chuaigh Goll mac Móirne i leith Chonáin, agus ba doiligh Goll a chur faoi smacht. Nuair a chonaic Fionn an chosúlacht a bhí orthu d’éirigh sé agus dúirt gur bhain Diarmaid an cluiche go hionraic, agus ar an ábhar sin nach raibh ceart ar bith ag Caoilte bheith ag tógáil bruine.

Shocair sin na fir agus chuaigh siad fá shuaimhneas. Chuaigh Caoilte a luí mar dhuine, ach chan sásta nó leathshásta a bhí sé de Fhionn, agus ba é an deireadh a bhí air gur leag sé amach go dtréigfeadh sé na Fianna, bíodh sé síos nó suas leis an turas.

Teacht an lae bhí ar maidin d’éirigh Caoilte nuair a bhí an chuid eile ina gcoladh, thug leis a chlaíomh agus d’imigh sé. Maidin dheas chiúin i mí Mheán an tSamhraidh a bhí ann, agus bhí na héanacha ag seinm fá na coillte. D’imigh sé leis gur chuir sé cnoic agus gleanntáin idir é féin agus áit chónaithe na bhfiann.

I dtrátha an mheán lae tháinig sé a fhad le sruthán a bhí ag titim le fána. Bhí tart agus ocras ag druidim leis agus chrom sé sa tsruthán a dh’ól uisce, Nuair a bhí sé crom chuaigh cairria mór thart lena thaobh agus ghlan sé an sruthán de léim. Ba mhaith an mhaise do chaoilte é, chaith sé urchar dá chlaíomh ina dhiaidh agus steall sé ceann de na hadharca de. D’imigh an cairria mar bheadh an ghaoth Mhárta ann, agus ach oiread is dá slogadh an t-aer nó an talamh é, ní raibh an dara hamharc le feiceáil air.

“Nach mairg nach raibh mo chú mór liom!” arsa Caoilte. “Dá mbíodh, ní imeodh an cairria chomh haigeantach sin.”

Chuaigh sé trasna an tsrutháin fá choinne a chlaímh, ach bhí an claíomh ina dhá ghiota agus an adharc ina luí ar an talamh ar a thaobh. Bhí brón ar Chaoilte fá bhriseadh an chlaímh, nó ní raibh an dara harm aige. Thug sé leis é mar sin féin, agus níor stad sé den tsiúl go raibh neoin bheag agus deireadh an lae ann.

Le coim na hoíche, tháinig sé a fhad le coill, agus dar leis go mbainfeadh sé faoi inti go maidin. Chuaigh sé isteach in ascaill na coille a chuardach áite ina leagfadh sé a cheann. Chonaic sé tom sméar, fá ghiota de agus tharraing sé air. Thosaigh sé a dh’ithe na sméar, nó bhí an t-ocras air.

Níorbh fhada gur chuala sé trup taobh thiar de. Tugaidh sé thart ruball a shúile agus cad é a tchí sé ag tarraingt air tríd an fhéar ach eascann nimhe a chuaigh in ainmhéid. Sin an uair a bhí sé san fhaopach. Bhí a chlaíomh briste agus gan an dara gléas cosanta aige. Thug sé iarraidh ar an chrann ba deise dó agus chuaigh suas fá dheifir go dtína bharr.

Lean an eascann é, agus nuair a thainig sí go bun an chrainn, chas sí féin thart air agus shnámh suas go raibh sí fá shlat de Chaoilte agus a craos oscailte agus ag brath é a stróiceadh. Tharraing Caoilte an leath den chlaíomh a bhí ina dhorn, bhuail sé sa chloigeann í agus thit síos go bun an chrainn. Bhí sí tamall ag lúbarnaigh ar an talamh, ach fá dheireadh rinne sí fead agus i bhfaiteadh na súl tháinig a cúig nó a sé de chinn eile thart fá bhun an chrainn ina chuideachta.

Thug na heascanna am crua do Chaoilte go maidin ag iarraidh é féin a shábháil orthu. Le bánú an lae tháinig iolar mór thart agus d’ardaigh leis ceann acu ina chrúba. Ansin theith an chuid eile isteach fríd an fhéar fhada i bhfolach ar an iolar.

Nuair a fuair Caoilte an bealach réitithe bhain sé na bonnaí as go téirimeach agus é ag beannachtaigh leis an iolar a thug cead a choise dó. Shiúil sé leis gur tháinig sé a fhad le habhainn mhór a bhí ag reáchtáil fríd ghleann idir dhá chnoc. Bhí bothóg fód déanta ar bhruach na habhann, gabhar ar téad ar an léana os coinne an dorais, agus cairria nach raibh air ach an aon amharc ag innilt ag a thaobh.

Chuaigh Caoilte anonn go doras na bothóige agus d’amharc sé isteach. Bhí seanchailleach liath ina suí chois tine. Stán sí go géar ar an té a dhall an doras.

“Tá tú cosúil le fear a bheadh ag teitheadh as teagmháil,” ar sise.

“Más fiúntach agam le rá é, is ag teitheadh as teagmháil atá mé,” arsa Caoilte.

“Cad é an gábhadh mór ar tháinig tú fríd nuair atá do chlaíomh briste?” ar sise.

D’inis Caoilte a scéal di. “Agus,” ar seisean, “níor bhlais mé bia le dhá lá agus nach mithid dom ocras a bheith orm?”

“Maise, ní raibh mise riamh dúbhlaí ná danartha,” ar sise. “Tar isteach agus bhéarfaidh mé an cineál bia duit atá agam.”Ba é sin an guth a fuair an fhreagra. Chuaigh Caoilte isteach agus shuígh sé ar stól. Chuir an chailleach bonnóg aráin choirce agus gogán de bhainne gabhair ar an bhord os a choinne agus d’iarr air a chuid a dhéanamh. Chaith Caoilte an bia, ach níor luaithe a bhí an greim deireanach ite aige ná a thit sé ina chodladh. Rinne sé brionglóid gur tháinig teachtaire chuige ó Fhionn ag iarraidh air dul ar ais, go raibh na Fianna uilig faoi bhrón ó d’imigh sé agus go mbeadh lúchair mhór faoina choinne.

Chlis sé suas go gasta. D’amharc sé thart ach ní raibh an chailleach le feiceáil aige thíos, thuas, thoir ná thiar. Bhí a chlaíomh sínte ar an bhord agus é cóirithe sa dóigh nach n-aithneodh súil dá ndeachaigh i gcloigeann go raibh sé briste riamh. Thug sé leis an claíomh agus chuaigh amach ar an doras. Bhí an gabhar ar téad ar shrath na habhann, agus an cairria agus a dhá adharc air ag innilt lena thaobh.

Dar le Caoilte go raibh an áit fá gheasa. Thug sé iarraidh ar an bhaile agus an claíomh ina dhorn leis. Sheachain sé an choill agus ní dhearna sé stad ná cónaí gur tháinig sé ar amharc an dúin a raibh Fionn agus na Fianna ag baint fúthu ann.

Bhí an mhórchuid de na fir ag iomáin ar an fhaiche ag teacht i láthair dó, ach níor thóg fear ar bith acu a cheann leis ach amháin Conán. D’amharc seisean ar Chaoilte agus rinne sé racht gáire agus chuaigh ar aghaidh leis an iomáin. Bhí an chonairt cruinn fá dtaobh díobh ach níor chroith aon cheann acu a ruball le lúcháir roimhe agus níor tháinig an cú mór féin ina araicis. Rinne siad uilig, idir fheara agus chonairt, neamhiontas de.

Chuaigh Caoilte fá theach go briste, brúite, brónach. Fuair sé greim le hithe agus chuaigh sé ina luí, agus ní raibh a dheifir air ag imeacht i mbéal a chinn arís. Fuair sé fios óna shiúl –


“Gur fann guth an éin
A labhras leis féin
Ar thulaigh nó ar thaobh na móna.”

Short url:   http://multidict.net/cs/879