This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Rith 2012

A chairde Gaeil, bhí an bóthar fada ach chabhraigh an duine le duine. Ghiorraigh duine an bóthar do dhuine eile. Spreag duine duine eile. Mhisnigh duine duine eile agus ghríosaigh pobal a chéile. Uaireanta, ní raibh an bóthar chomh réidh sin. B’fhéidir gur chlis ar dhóchas daoine anseo agus ansiúd, ach ar feadh na slí, ó mhaidin go hoíche, ó bhaile go baile, ó cheann ceann na tíre, bhí daoine ann agus pobal ann chun an ceann scribe a ghearradh dá chéile. Agus an ceann scribe sin bainte amach, is cúis áthais agus is cúis bhróid dúinn an deis seo a fháil comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a ghlac páirt i Rith 2012. Na luachanna a tháinig chun cinn le linn ár n-aistir eachtrúil a chuaigh go dtí an oileán álainn seo, an fhís, an aisling, an mórtas, an cur le cheile, an spiorad pobail, an spiorad meithle, an tsamhlaíocht, an féinmhisneach, sin iad na luachanna céanna a theastaíonn in Éirinn sa bhliain 2012. Mar a chéile leis an mbata sealaíochta a iompraíodh anseo inniu, tharla sé riamh gur caidreamh daoine agus cur le chéile pobail a chinntigh go gcuirfí ar aghaidh ár dteanga féin go dtí an chéad duine eile, go dtí an chéad ghlúin eile. Tá teachtaireacht shoiléir tugtha ag rannpháirtithe Rith 2012 dúinn – mairfidh ár dteanga bheo ach meas a bheith uirthi, orainn féin agus ar a chéile. Tá ceacht soiléir le foghlaim againn ó rannpháirtithe Rith 2012 chomh maith – Is beag rud nach féidir linn a dhéanamh ach a bheith sásta dul ar aistear le chéile. Go raibh míle maith agaibh go léir.

Short url:   http://multidict.net/cs/933