This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Ollpheist Loch Neasa

Creidtear go bhfuil ollphéist beo i Loch Neasa in Albain. Tá daoine ann a deir go bhfaca siad féin í, agus is beag bliain nach dtagann na céadta daoine go hAlbain ag súil le go bhfeicfidh siad í.Cé gur beag duine nár chuala trácht ar “Nessie” (mar a thugtar ar an ollphéist de ghnáth), is beag duine a thuigeann go bhfuil sé beagnach míle trí chéad bliain ó scríobhadh an chéad chuntas ar an ollphéist sheachantach seo. Ba é Naomh Adhamhnán, a rugadh agus a tógadh i dTír Chonaill, a scríobh an chéad chuntas sin am éigin idir 688 agus 692 A.D. Seo an scéal mar a scríobh sé é:

Bhí Colm Cille agus a mhanaigh ag taisteach i mbád ar Loch Neasa. In aice le bruach an locha chonaic siad tórramh. Leag na daoine an corp síos ar an bhruach agus d’fhan le soitheach le iad a thabhairt trasna an locha. Bhí a fhios ag Colm Cille, áfach, gur drochdhuine an fear a bhí á chur agus d’iarr sé ar na manaigh guí ar a shon. Agus Colm Cille ag caint, d’éirigh ollphéist uafásach aníos as an loch, thóg an corp léi ina béal agus d’imigh faoin uisce arís. D’iarr Colm Cille ar Lughaidh, duine dá mhanaigh, snámh go dtí an bruach. D’éirigh an ollphéist aníos as an uisce arís, áfach, agus rinne sí iarracht Lughaidh a thabhairt léi fosta. Chorraigh an ollphéist an t-uisce chomh mór sin go raibh an long i gcontúirt a báite. Síos le Colm Cille ar a ghlúine sa bhád agus ghuigh sé Dia dtiocfadh Lughaidh slán. Thóg sé a lámh agus bheannaigh sé uaidh an manach. Tháinig Lughaidh slán agus bhain sé an bruach amach. Thug Colm Cille ar an ollphéist gan dochar a dhéanamh dóibh féin, ná d’éinne eile go deo. Mar sin de, más fíor go bhfuil “Nessie” beo i Loch Neasa go fóill, tá focal Cholm Cille againn air nach ndéanfaidh sé dochar do dhuine ar bith. Is maith an scéala sin!

A. 1. Cá fhad ó scríobhadh an chéad chuntas ar “Nessie”? Cé a scríobh an cuntas sin? 2. Cad é a chonaic Colm Cille agus a mhanaigh agus iad sa bhád? 3. Cad é a bhí Colm Cille a rá nuair a d’éirigh an ollphéist aníos as an uisce? 4. Cad chuige a raibh long Cholm Cille i gcontúirt a báite? 5. Cad é a thug Colm Cille ar an ollphéist a dhéanamh?

B. Cuir isteach an focal ceart san bearnaí: (i) Tagann siad__hAlbain ag súil___go bhfeicfidh siad an ollphéist. (ii) Ar chuala tú trácht___”Nessie”? (iii) Scríobh sé an cuntas___688 agus 692. (iv) Bhí siad ag fanacht___soitheach___iad a thabhairt___an locha. (v) D’éirigh an ollphéist aníos___an uisce. (v) Thug an naomh___an ollphéist___dochar a dhéanamh___dhuine ar bith.

C. Cuir “Creidtear” roimh na habairtí seo a leanas: (i) Tá ollphéist beo sa loch. (ii) Chonaic a lán daoine an ollphéist. (iii) Is beag duine nár chuala trácht uirthi. (iv) Bhí a fhios ag Colm Cille gur drochdhuine a bhí ann. (v) D’éirigh an Ollphéist aníos cúpla uair. (vi) Rinne sí iarracht Lughaidh a thabhairt léir. (vii) Ní dhéanfaidh sí dochar d’éinne. (viii) Ní fíor go bhfuil ‘Nessie’ beo sa loch.

D. Sampla: An Fhrainc: Francach (i) Albain (ii) Meiriceá (iii) An Ghearmáin (iv) Éire (v) An Rúis (vi) An tSeapáin (vii) An Spáinn (viii) An Iodáil

Short url:   http://multidict.net/cs/934