This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Cainteoir Dúchais

An Cainteoir Dúchais – Gearóid Mac Lochlainn

Táim tuirseach den ritual seo. Amharc orthu anois, na daoine bochta, líne acu réidh le deoch a cheannach don rud neamhchoitianta, mistéireach sin, rud nach bhfuil cur síos air sna focail seo – cainteoir dúchais.

Iad cromtha go híseal os a chomhair mar a bheadh siad i láthair a slánaitheora.

Agus éist leis an fhocalstór atá acu anois, gach teanga acu ag coimhlint lena chéile, ag déanamh seitrince laistigh dá gcuid béal.

Agus a leithéid de name-dropáil níor chuala tú riamh.

Agus amharc ar mo dhuine bocht an genuine article sin, athchruthaítear é acu go dtí nach duine é níos mó, ach rud níos mó ná duine, rud luachmhar, seoid i mbéal na muice, iarsma.

Is anocht beidh amhrán acu, beár mall acu, scoth na Gaeilge acu. Bíodh acu.

Shiúil mé le cailín tráth, cailín deas dóighiúil. Ba chainteoir dúchais í, ach bhlais a cuid póg chomh deas le póg ar bith eile.

Short url:   http://multidict.net/cs/988