Triail foclóra/tuisceana bunaithe ar théacs na seachtaine seo. Vocabulary/comprehension exercise based on this week's text.

Comhrá A: Cad iad na caithimh aimsire atá uathúil in Éirinn?



Is iomaí sin caitheamh aimsire a bhíonn [in Ireland: ]. Cosúil le gach tír eile ar an domhan, is dóigh liom, imrítear cuid mhór [sport: ] in Éirinn. Tá an-dúil ag páistí [of Ireland: ] sa sacar, ar ndóigh, ach imríonn cuid mhór mhaith acu an spórt Gaelach chomh maith, sin an pheil Ghaelach, an iománaíocht agus an chamógaíocht. Imríonn corrdhuine [handball: ] fosta. Ní gach duine, áfach, a mbíonn dúil aige/aici sa [team sport: ], mar a déarfá, agus tá cuid mhór de [the pastimes: ] in Éirinn anois ceangailte go dlúth leis an tírdhreach agus le tíreolaíocht na hÉireann. As siocair go bhfuil go leor [mountains: ] in Éirinn, caitheann daoine cuid mhór ama i mbun sléibhteoireachta, agus chomh maith leis sin tá an [mountain biking: ] ag éirí iontach coitianta ar na saolta seo. Ní ar na sléibhte amháin a bhíonn daoine ag rothaíocht, áfach, agus bíonn go leor daoine amuigh ar bhóithre na hÉireann, go háirithe ar an Domhnach, agus iad [cycling: ] leo! Cé nach bhfuil dúil ar bith agam féin inti, tá cuid mhór daoine a bhfuil spéis san iascaireacht acu.



Tír an-cheolmhar atá sa tír seo, agus mar sin de, is caitheamh aimsire [very common: ] é bheith ag seinm ceoil, nó ag damhsa. Déantar cuid mhór den cheol a sheinm i dtithe tábhairne na hÉireann, agus is maith le daoine a gcuid ama a chaitheamh ar an dóigh sin.



Comhrá B: Cad é mar a d’athraigh na caithimh aimsire thar na blianta?



Is dóigh liom gur tháinig athrú ar na caithimh aimsire mar gheall ar [changes: athruithe] sa tsochaí go ginearálta. Go dtí [maybe: ] caoga bliain ó shin, a bheag nó a mhór, tír fheirmeoireachta nó thamhlaíochta a bhí in Éirinn den chuid is mó agus bhí an chuid is mó de na [customs: ] nó de na caithimh aimsire a bhí ag daoine ag brath ar chúrsaí [of work: ] agus ar chúrsaí aimsire. D’imrítí peil, cinnte, agus iománaíocht agus camógaíocht, ach ní imrítí iad go mbíodh an obair uilig [completed/done: ]. Sin an fáth, is dóigh liom, a mbíodh na cluichí ar an Domhnach – traidisiún atá ann go fóill! Bhíodh nós ag daoine chomh maith cuid mhór ama a chaitheamh ag [night visiting: ]. Ba ghnách le daoine cuairt a thabhairt ar chomharsana agus an oíche a chaitheamh i mbun comhrá agus craice. Ba ghnách leo seo a dhéanamh ar mhaithe le [company: ] agus is bealach maith a bhí ann le súil a choinneáil [on old people: ].