This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Derry O'Sullivan ag caint faoi na dánta 'Marbhghin' agus ' "Buick" mo Mháthar'

Cúpla iad an dá dhán seo atá le léamh agam, is ceist boscaí iontu, bosca oráistí ar dtúis inar cuireadh an mharbhghin agus ansan bosca de shaghas eile ar roth an ‘Buick’, an ‘Bhuick’ mar a deirtear, agus  an bhroinn. Tá trí chóras iompair sa dá dhán seo. Ar dtúis broinn na máthar, ansan, agus is saghas ‘Buick’ í broinn na máthar don leanbh a rugadh marbh, agus ansan tá Carón i gceist sa dara dhán, dán, Carón ón nGréigis a iompraíonn na mairbh ar luas lasrach mar tá an oiread san marbh ann. D’fhéadfaí ceist a chur ort féin, conas a dhéanann sé é leis na mairbh go léir ach nuair a scríobhaim na dánta san bhíos ag iarraidh na mairbh a thabhairt thar nais agus breall a chur ar Charón. Agus ar dtúis is í, is é guth mo mháthar atá i gceist sa mharbhghin agus is é mo ghuth féin faoi ‘ “Buick” mo Mháthar’ agus culaith à la Garbo uirthi im’ chuimhne agus a gúna Garbo is gúna giúise uirthi. Taiséadach atá i gceist. Bhí taiséadach páipéir ar an leanbh, taiséadach réalta agus línte faoin dara cogadh dhomh--, domhanda ar a bhéal agus taiséadach giúise is taiséadach Garbo ar mo mháthair ag dul chun na reilige. Ach is bosca iad gach dán acu, bosca ina dtagann an mháthair is an leanbh chun beatha aríst mar saolaítear iad gach uair go léitear na dánta. Agus juste focal faoin marbhghin. Tá focal ann nach féidir a aistriú go Béarla, ag éisteacht le leanaí ‘neamhnite’. ‘Neamhnite’, is féidir é a thuiscint nár níodh iad riamh ach freisin is fós féidir a thuiscint gur nigh neamh iad. Agus is mar sin cuireann san ceist ar an léitheoir – an dán dóchais nó éadóchais é? Caithfear é a léamh arís agus má tá an fhoighne sin ag an léitheoir. Agus ag deireadh ‘ “Buick” mo Mháthar’ tá ceist ann faoi bhean snáthaide uama agus an rud [deirtear ‘anseo’] a bhí i gceist agam bandéithe na Cinniúna Atropos, Clotho agus Lechesis. Atropos agus deimheas aici, agus siosúr aici chun snáth na beatha a ghearradh. Ach go bunúsach tá codarsnacht idir an creideamh Caitliceach is Críostaí is creideamh na nGréagach.

 

Short url:   https://multidict.net/cs/2237