This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Comhrá faoin chluiche @ An Carn

G: Dia ár sábháil a Joe, chaill tú amach ar chluiche iontach aréir.

J: Ar chaill, cé a bhí ag imirt?

G: Foireann faoi 16 Shliocht Néill in éadan Bhaile na Scríne ansin.

J: Agus cé a bhain?

G: Bhain muidne sa deireadh, ach cluiche deacair a bhí ann, caithfidh mé a rá.

J: Iontach maith, cé a bhí maith do Shliocht Néill?

G: Bhí an ghirseach óg sin Erin Ní Bhroin sa chúl baire iontach maith, rinne sí go fíor-mhaith ar fad. Sílim go raibh 10 bpointe eatarthu sa deireadh.

J: Iontach maith, iontach maith, agus cá háit a raibh an cluiche?

G: Bhí sé againn i mBaile an tSuaitrigh ansin, agus...

J: An raibh rud ar bith ag tarlú sa chlub ina dhiaidh a Ghráinne?

G: Ní raibh, níl a fhios agam, cad é...

J: Agus cén babhta den chraobh a bhí ann?

G: Cluiche ceannais na craoibhe.

J: Ó iontach maith, buaiteoirí Dhoire.

G: Buaiteoirí Dhoire, agus sílim féin go stadann sé ansin, ní bhíonn sraith Uladh acu.

J: Nach mbíonn?

G Ní bhíonn.

J: Is mór an trua sin, tá foireann iontach laidir acu, an bhfuil?

G: Tá, tá.

J: Is mór an trua sin.

G: Tá súil againn anois go mbeidh na cáilíní sin ag leanstan tríd go dtí an fhoireann sinsir.

 

Short url:   https://multidict.net/cs/2315