This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Treasa Ní Chonchúir

Is mise Treasa Ní Chonchúir. Banaltra atá ionam. Tá mé ag cur fúm i nDún Geanainn ach tá agam le dul go Doire maidin amárach. Tá mé ag déanamh cúrsa athnuachana agus tá scrúdú agam ar leath i ndiaidh a haon san ollscoil ansin. Tá dúil mhór agam sa chúrsa sin cé go raibh imní orm fá dtaobh de sa chéád dul síos.

 Éireoidh mé i dtrátha a deich i ndiaidh a seacht agus déanfaidh mé réidh don turas. Nífidh mé mé féin ag éirí dom. Cuirfidh mé orm smideadh agus gléasfaidh mé mé féin ina dhiaidh sin. Cuirfidh mé orm bríste géine, blús, geansaí agus bróga compordacha. Pacálfaidh mé cás beag anocht nó beidh éadaí agus rudaí eile de dhíobháil orm.

Rachaidh mé síos an staighre agus déanfaidh mé réidh mo chuid bricfeasta. Íosfaidh mé ubh bhruite agus arán rósta. Ólfaidh mé cupa beag tae le siúcra. Bíonn fuinneamh de dhíth orm ar maidin! Beidh bricfeasta mór mar go mbeidh ocras orm agus mé ag taisteal.

 Ní thiománfaidh mé i mo charr féin, tá an turas rófhada. Gheobhaidh mé tacsaí go stáisiún na mbusanna. Ordóidh mé tacsaí anocht. Tiocfaidh sé faoi mo choinne ar fiche go dtí a hocht. Imeoidh mé síos go dtí an stáisiún agus bainfidh mé oifig na dticéad amach ar a deich go dtí a hocht. Ceannóidh mé ticéad fillte ó Dhún Geanainn go Doire. Stopfaidh an bus seal tamaill ar an Ómaigh ach ní thuirlingeoidh mé ansin.

 Léifidh mé irisleabhar ar an bhus agus beidh mo leabhair ollscoile liom fosta. Tabharfaidh mé spléachadh beag orthu agus cuideoidh an léitheoireacht sin liom sa scrúdú.

 Buailfidh mé le mo chairde ón rang san ollscoil agus pléifimid cúpla rud faoin scrúdú agus ansin leanfaimid ar aghaidh. Mairfidh an scrúdú féin an tráthnóna ar fad beagnach. Ní miste liom sin. Beidh cuid mhór ceisteanna ar an scrúdú ach tabharfaidh mé freagra orthu uilig – nó tá súil agam go dtabharfaidh.

 Nuair a bheas an scrúdú thart, imeoidh scaifte mór againn amach faoi choinne dinnéir. Beidh mé ag súil go mór leis sin. Stopfaidh mé thar oíche i nDoire i dteach mo charad agus fillfidh mé abhaile go Dún Geanainn maidin Dé Sáthairn. Fágfaidh mé Doire i lár na maidne ach ní bheidh mé sa bhaile go dtí a haon a chlog tráthnóna.

Short url:   https://multidict.net/cs/2332