This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Ghaeilge sa tSochaí

An Ghaeilge sa tSochaí

 Comhrá 1:

A: Cé chomh feiceálach agus atá an Ghaeilge sa phobal atá thart ort?

B: Rugadh agus tógadh sa Ghaeltacht mé, agus mar sin de, bíonn an Ghaeilge le cluinstin gach lá. Tá sé mar theanga an phobail. Gaeilge ar fad a bhíodh á labhairt anseo dar le mo thuismitheoirí, dhá scór bliain ó shin, agus ba ghnách le muintir na háite ar fad Gaeilge a bheith acu. Cé nach mar sin atá sé sa lá atá inniu ann, déarfainn go mbeadh thart ar 70% den phobal a bheadh ábalta an saol iomlán a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

 A: Cad é mar atá an Ghaeilge ag fás san am i láthair sa Ghaeltacht, nó an mar sin atá?

 B: Bhuel, mar a dúirt mé, bhíodh an Ghaeilge á labhairt sa cheantar seo daichead bliain ó shin in achan áit, sna siopaí, sna tithe tábhairne, ar an pháirc peile. Anois, cé go dtagann cuid mhór turasóirí anseo i rith na bliana le Gaeilge a fhoghlaim, agus is cinnte go bhfoghlaimíonn siad Gaeilge, déarfainn go mbeadh go leor daoine a bhíonn ag tiontú ar an Bhéarla nuair a imíonn siad.

Comhrá 2: 

A: Cé chomh feiceálach agus atá an Ghaeilge sa phobal atá thart ort?

 B: Tháinig mise ar an saol i mBéal Feirste agus is ann a tógadh mé. D’fhreastail mé ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Feirste. Ba ghnách liom freastal ar Chlub Óige agus is ansin a chonaic mé agus a chuala mé an Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga den chéad uair. Anois, tá an Ghaeilge le cluinstin i ngach áit thart fán cheantar s’agamsa, agus dá mbeifeá ag iarraidh an lá ar fad a chaitheamh trí mheán na Gaeilge, thiocfadh leat daoine a fháil a bheadh sásta Gaeilge a labhairt leat!

 A: Cad é an gaol atá idir an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, dar leatsa?

 B: Bhuel, ar ndóigh, tá gaol faoi leith idir an dá ghné. Tá siad fite fuaite fríd a chéile agus déarfainn go dtiocfadh leat a rá go bhfuil an teanga ag brath ar an chultúr agus an cultúr ag brath ar an teanga. Bhíodh an dearcadh ag daoine nach mar sin an scéal, agus go dtiocfadh le cultúr na tíre seo bheith beo ar an cheol amháin, mar shampla, ach tuigeann daoine anois gur pacáiste mór amháin atá ann!

 

 

Short url:   https://multidict.net/cs/2390