This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Caithimh Aimsire in Éirinn

Comhrá A: Cad iad na caithimh aimsire atá uathúil in Éirinn?

Is iomaí sin caitheamh aimsire a bhíonn in Éirinn. Cosúil le gach tír eile ar an domhan, is dóigh liom, imrítear cuid mhór spóirt in Éirinn. Tá an-dúil ag páistí na hÉireann sa sacar, ar ndóigh, ach imríonn cuid mhór mhaith acu an spórt Gaelach chomh maith, sin an pheil Ghaelach, an iománaíocht agus an chamógaíocht. Imríonn corrdhuine liathróid láimhe fosta. Ní gach duine, áfach, a mbíonn dúil aige/aici sa spórt foirne, mar a déarfá, agus tá cuid mhór de na caithimh aimsire in Éirinn anois ceangailte go dlúth leis an tírdhreach agus le tíreolaíocht na hÉireann. As siocair go bhfuil go leor sléibhte in Éirinn, caitheann daoine cuid mhór ama i mbun sléibhteoireachta, agus chomh maith leis sin tá an rothaíocht sléibhe ag éirí iontach coitianta ar na saolta seo. Ní ar na sléibhte amháin a bhíonn daoine ag rothaíocht, áfach, agus bíonn go leor daoine amuigh ar bhóithre na hÉireann, go háirithe ar an Domhnach, agus iad ag rothaíocht leo! Cé nach bhfuil dúil ar bith agam féin inti, tá cuid mhór daoine a bhfuil spéis san iascaireacht acu.

Tír an-cheolmhar atá sa tír seo, agus mar sin de, is caitheamh aimsire an-choitianta é bheith ag seinm ceoil, nó ag damhsa. Déantar cuid mhór den cheol a sheinm i dtithe tábhairne na hÉireann, agus is maith le daoine a gcuid ama a chaitheamh ar an dóigh sin.

Comhrá B: Cad é mar a d’athraigh na caithimh aimsire thar na blianta?

Is dóigh liom gur tháinig athrú ar na caithimh aimsire mar gheall ar athruithe sa tsochaí go ginearálta. Go dtí b’fhéidir caoga bliain ó shin, a bheag nó a mhór, tír feirmeoireachta nó thamhlaíochta a bhí in Éirinn den chuid is mó agus bhí an chuid is mó de na nósanna nó de na caithimh aimsire a bhí ag daoine ag brath ar chúrsaí oibre agus ar chúrsaí aimsire. D’imrítí peil, cinnte, agus iománaíocht agus camógaíocht, ach ní imrítí iad go mbíodh an obair uilig déanta. Sin an fáth, is dóigh liom, a mbíodh na cluichí ar an Domhnach – traidisiún atá ann go fóill! Bhíodh nós ag daoine chomh maith cuid mhór ama a chaitheamh ag airneáil. Ba ghnách le daoine cuairt a thabhairt ar chomharsana agus an oíche a chaitheamh i mbun comhrá agus craice. Ba ghnách leo seo a dhéanamh ar mhaithe le comhluadar agus is bealach maith a bhí ann le súil a choinneáil ar sheandaoine.

Short url:   https://multidict.net/cs/2398