This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Oidhreacht agus Béaloideas - Bliain 2 Dioplóma 2015

Oidhreacht: Agallamh idir Conal Mac Seáin agus Niall Comer

Niall: A Chonail, tá tusa i mbun oibre faoi láthair ar an bhéaloideas, do bharúil, sa lá atá inniu ann, an bhfuil rian ar bith den bhéaloideas sin beo go fóill, nó na scéaltaí atá taobh thiar de? An bhfuil tábhacht leis an bhéaloideas sa lá atá inniu ann?

Conal: Bhuel, is dóigh liom nuair a smaointíonn sinn ar an bhéaloideas, bíonn sinn ag smaointiú ar na scéalta amháin ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Tá cúrsaí saoil, cúrsaí…achan ghné a bhaineann leis an tsaol, cúrsaí tithíochta, cúrsaí talmhaíochta, na ceardannaí agus achan rud den chineál sin, agus tá go leor eolais a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis go fóill sa lá atá inniu ann agus cuid mhór den cheardaíocht, tá sé caillte, mar shampla, ag déanamh cléibhe, is fíorbheagán daoine atá ábalta sin a dhéanamh agus is dócha gur cuid den bhéaloideas é sin, an dóigh a rachadh duine ina gcionn. Ó thaobh gnéithe eile den rud, mar shampla na hamhráin, tá tábhacht ar leith ag baint leo, agus tá cuid mhór taighde ag dul ar aghaidh i láthair na huaire ar achan ghné den amhránaíocht, agus nuair a smaoiníonn sinn siar ar an bhéaloideas sna blianta fada ó shin, ní raibh gléasanna taifeadta, ní raibh físeáin acu, agus ní raibh an teicneolaíocht acu leis an rud a thaifead go beacht agus cailleadh cuid mhór den rud, mar shampla, an comhthéacs inar mhair sé, an fheidhm a bhí leis, agus na gnéithe sin uile nach bhfuil an oiread sin aird acu sna taifeadtaí a rinneadh. Bhí go leor bailitheoirí ag dul thart agus thaifead siad na focail ceart go leor ach sin a raibh ann.

Niall: Agus maidir leis na pisreoga a bhíos ar fáil, agus deir cuid mhór daoine nuair a tháinig an leictreachas gur imigh an chreidiúint sin sna púcaí agus sna taibhsí, do bharúil an bhfuil muid go fóill, mar Éireannaigh nó mar Ghaeil, an bhfuil muid go fóill pisreogach mar dhream.

Conal: Tá mé ag déanamh go bhfuil. Tá aithne mhaith agam ar dhaoine agus ní bheadh siad sásta a rá gur daoine pisreogacha iad ach go fóill nuair a fheictear daofa éan de chineál áirithe, dhéanfadh siad comhartha na croise orthu féin. Agus tá cuid mhór daoine mar sin, agus cuid mhór cleasanna mar sin agus daoine nach mbeadh sásta siúl faoi dhréimire nó rudaí mar sin agus baineann sé sin uilig le pisreoga agus tá an ghné sin ionann uilig go fóill agus sílim an tábhacht nó an dúil atá ag daoine in uimhreacha áirithe, trí, seacht agus a naoi mar shampla, go bhfuil siomlachas ar leith ag baint leofa. Maireann sé sin go fóill. Is dócha fosta go bhfuil cuid mhór fosta fá áiteacha áirithe, tá go leor daoine agus b’fhéidir go mbeadh barúil acu gur tharla drochrud agus nár chóir do dhuine dul a chomhar a thuilleadh agus tá mé ag déanamh go bhfuil na giotaí sin beo go fóill cé nach dtugann sinn isteach gur daoine pisreogacha sinn.

Short url:   https://multidict.net/cs/2588