This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Fliú na Muc

Tá an mhír seo á húsáid le caoinchead Nuacht24

Milène: Teacht an gheimhridh teacht an fhliú, is amhlaidh an scéal gach uile bhliain, ach le cúpla bliain anuas tá casadh eile ar an scéal mar ní amháin go bhfuil an fliú againn ach tá fliú na muc againn chomh maith. Cad é an difear eatarthu agus cé acu is contúirtí sin cuid de na ceisteanna a phléifimid leis an Dochtúir Ruairí Ó Bléine. A Ruairí, go raibh míle maith agat as a bheith ag caint linn inniu.

Ruairí: Ceart go leor, tá mé sásta go raibh maith agat.

Milène: Anois, cad é atá i gceist le fliú na muc?

Ruairí: Bhal, is fliú na muc...tá sé...níl sé, níl sé difriúil le fliúanna eile agus ba mhaith liom a rá gur ulpóg ba ghnáth linn a thabhairt ar fliú you know sa tuaisceart ar scor ar bith. Agus ... fliú na muc seo atá i gceist againn anois ní raibh cás ar bith ann de go dtí dhá mhíle is a naoi, agus tharla cásanna i Meicsiceo, agus bhí siad ag coimhéad air agus spréigh sé uaidh sin go Meiriceá agus bhí cásanna i dtiortha eile go dtí gur shroich sé an tír seo tamall de mhíonna ina dhiaidh sin agus ag pointe amháin go gairid ina dhiaidh sin dúirt an Eagraíocht Sláinte Domhanda gur eipidéim a bhí ann, is ionann eipidéim agus galar atá in chor a bheith gach tír agus dé ghnáth bíonn sé marfach ach insan chás seo bhí iontas ar gach duine mar ní raibh fliú na muc ró-mharfach ar chor ar bith, gidh go bhfuair cuid mhaith daoine é, ní bhfuair mórán daoine bás, fuair cuid daoine bás cinnte. I dTuaisceart Éireann, sna Sé Chontae ag an am sin fuair naonar déag bás, agus a fhad agus atáimid ag caint anois eadrainn tá naonar déag marbh go díreach faoi láthair, agus is dócha go rachaidh sin suas le tamall.

Milène: Tá an chuma ar an scéal go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil ag fáil bháis mar gheall ar fhliú na muc níos airde anseo i gcomparáid le háiteanna eile, cad chuige?

Ruairí: Tá an chuma ar an scéal go bhfuil níos mó daoine ag fáil bháis anseo cionn is go bhfuil na figiúirí beag bídeach, agus bíonn.. le figiúirí bíonn.., bídeacha beaga bíonn luascadh ann suas agus síos. Tá na cásanna níos déine, tá siad mó ná ceapadh, gidh gur ionann na figiúirí go dtí seo, agus tá imní ar na daoine chomh maith, agus na meáin chumarsáide sílim go bhfuil imní ar na meáin chumarsáide fosta, so sin cuid den mix mar a déarfá, an meascán.

Milène: Agus an gcreideann tú féin gur chóir go raibh eagla ar dhaoine?

Ruairí: Níor chóir, tá an seans ann duine ar bith.. an gnáthdhuine an rud a fháil beag go leor, an seans go bhfaighfidh siad bás tá sé miniscule mar a déarfá, iontach beag bídeach ar fad, na seansanna sin. Ach tá grúpaí ann atá níos mó i mbaol ná grúpaí eile: daoine atá thar seasca a cúig, daoine atá ag iompar – mná atá ag iompar, agus an tríú grúpa is daoine a bhfuil aicidí ainsealacha nó croniceacha ag cur isteach orthu.

Milène: Cad é an chomhairle atá agat dúinn maidir le fliú na muc?

Ruairí: Tá an fliú seo agus fliúanna eile iontach tógálach, is dócha go bhfuil siad níos tógálaí ná an gnáthfhliú, agus ar an ábhar sin spréitear é fríd na deorannaí beaga ón tsrón agus ón chasacht, agus ar an ábhar sin má tá duine ag casacht ba chóir páipéar síoda nó rud éigin mar sin a úsáid, agus deirtear fosta mura bhfuil an páipéar síoda nó ciarsúr agat sraoth isteach i d‘uileann, mar a déarfá, le stopadh a chur leis an spré, sin an áit a bhfuil an fabhtú ag dul ó dhuine amháin go dtí an duine eile, sin an rud is bunúsaí. Ar a bharr sin, ba chóir dúinn ár lámha a ní go minic i rith an lae, go háirithe agus níor chóir dúinn a bheith ag croitheadh láimhe le gach duine. Má tá an galar ar dhuine, mura mhothaíonn sé go ró-mhaith agus má cheapann sé go bhfuil an fliú air, ba chóir dó dul a luí, deochanna a ól, neart deochanna a ól, bheith ciallmhar, b’fhéidir dá mbeadh piantaí insna matáin pianmhúchóirí cosúil le Aspirin agus Ibrufen agus rudaí mar sin a ghlacadh, agus é a ghlacadh go réidh.

Milène: Bhal a Ruairí, go raibh míle maith agat as a bheith ag caint linn inniu.

Ruairí: Tá fáilte romhat.

Short url:   https://multidict.net/cs/2589