This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Comhairlí Dhún Geanainn agus Na Coirre Críochaí

Tá an mhír seo á húsáid le caoinchead Nuacht24

Milène: Dia daoibh, agus bhur gcéad fáilte chuig Nuacht24. Is mise Mílene Ní Fhaogáin agus inniu táimid anseo i nDún Geanainn le hOifigeach Forbartha na Gaeilge do Chomhairle Dhún Geanainn agus Na Coirre Críochaí Ursula Uí Dhonnaile. A Ursula go raibh míle maith agat as fáilte a chur romhainn inniu.

Ursula: Tá fáilte mhór romhaibh a Milène, am ar bith.

Milène: Bhal a Ursula tá cuma fíor- fíor-ghnóthach ort na laethanta seo, inis dúinn cad é atá i gceist le bheith i d’oifigeach forbartha sna ceantair seo.

Ursula: Tá an post iontach iontach éagsúil, tá sé doiligh cur síos a dhéanamh air ach baineann sé le forbairt na Gaeilge go hinmheánach istigh sa chomhairle. Chomh maith leis sin... ach baineann an chuid is mó den phost leis an phobal agus tá idir ranganna Gaeilge, imeachtaí Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, mar shampla, sin an imeacht is mó sa bhliain. Tá grúpa siúil againn, grúpa cnocadóireachta agus Siúl an t-ainm atá orthu curtha ar bun againn. Tacaíocht, tugann muid tacaíocht do na grúpaí Gaeilge, tá ciorcal comhrá, cúpla ciorcal comhrá ar siúl anois agus just ag tabhairt tacaíochta don mhéid atá ann agus ag forbairt ar aghaidh fosta. Ón tús just shocraigh mé go raibh sé iontach tábhachtach an nasc a dhéanamh leis na Gaelscoileanna, so bíonn imeachtaí, mar shampla, nach mbaineann leis an churaclaim eagraithe agam do na Gaelscoileanna.

Gráinne: Mo p[h]áistí uile ag freastal ar an Gael, ah well beirt acu ag freastal ar Ghaelscoil Uí Néill agus duine amháin ag freastal ar Choláiste Chaitríona in Ard Mhacha, agus tá Gaeilge ag m’fhear chéile fosta so déanaimid ar ndícheall you know Gaeilge a labhairt sa bhaile fosta. Tá neart Gaeilge sa cheantar seo, agus tá na... cuid de na páistí atá ag freastal ar Ghaelscoil Uí Néill níl Gaeilge ag na tuismitheoirí ar dtús ach tá siad ag fáil cuid mhór tacaíochta ó Ghaelscoil Uí Néill agus tá siad ag freastal ar na ranganna.

Ursula: Mhothaigh muid le tamall you know b’fhéidir nach mbíonn an deis ag daoine fásta éileamh chun na Gaeltachta le dianchúrsa a dhéanamh, go háirithe tuismitheoirí páistí Gaelscoile, bíonn barraíocht freagrachtaí acu sa bhaile, shocraigh muid ...cad chuige nach mbeadh cúrsa ann faoina gcoinne anseo. So Cabhán An Chaorthainn, beidh sé lonnaithe i gCabhán An Chaorthainn agus sin you know áit dheas i measc na Speiríní, so beidh dianchúrsa ansin do dhaoine fásta an samhradh seo chugainn.

Short url:   https://multidict.net/cs/2639