This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Lá Fhéile Pádraig in áiteanna difriúla

Niall: Ok, Colm agus Aoife, bhí sibh beirt in áiteacha difriúla inné do Lá Fhéile Phádraig. A Choilm, cad é mar a bhí? Cad háit a raibh tusa?

 

Colm: Bhí mise i mo cheantar dúchais féin, Gaoth Dobhair, bhí mórshiúl ar siúl ansin mar a bhíonn gach bliain. Bhain mé an-sult as, thosaigh an mhórshiúl ar an Bhun Bheag agus ansin chuaigh sé i rith an bhealaigh chun na Doirí Beaga ansin, stad sé ag siopa Mholloy, mar a thugtar air go háitiúil.

 

Aoife: Agus d’fhan mise anseo i nDoire. Chuaigh cuid againn go dtí an mhórshiúl fosta agus ansin bhí deoch, deochanna, deoch amháin againn sa Gweedore sa teach tábhairne ansin. D’amharc muid ar an chluiche agus ansin d’fhan muid istigh fá choinne deoch amháin agus bhí craic ollmhór ann, bhí cuid mhór daoine ó lucht na Gaeilge ansin fosta, agus bhí Amach Anocht ag seinm fosta.

 

Niall: Is as Ard Mhacha ó dhúchas tusa, a Aoife, agus tá a fhios agam go bhfuil an-tábhacht ag baint le Lá Fhéile Pádraig in Ard Mhacha agus leis an Naomh, ach a Choilm, an bhfuil rud ar bith difriúil i do bharúil-se thart fán cheantar s’agatsa, fán Ghaeltacht, nó an mbíonn na gnáthrudaí ag tarlú?

 

Colm: Bhuel, chonacthas domsa go bhfuil spiorad na ndaoine, go háirithe sa Ghaeltacht…tagann achan duine le chéile gach Lá Fhéile Pádraig agus cuireann siad imeachtaí ar siúl do pháistí, do dhaoine fásta agus mar a dúirt mé, tá spiorad millteanach ann, agus mar a dúirt mé bíonn mórshiúl ar siúl, bíonn daoine i gcónaí ag cuidiú, ar na bóithre, ag déanamh cinnte go mbíonn rudaí sábháilte, go mbíonn páistí sábháilte, agus ar na taobhbhóithre agus a leithéid sin de. Tá mé ag déanamh gurb é an spiorad is mó a sheas amach domsa.

 

Niall: Agus cad é fá Ard Mhacha? Ó bhí tusa óg, an lá mór a bhí ann riamh in Ard Mhacha?

 

Aoife: Bhí, le mo theaghlach féin, mar bhí an chuid is mó againn páirteach sna gasóga agus bhí orainn páirt a ghlacadh sa mhórshiúl agus bhí muid sa chathair fá choinne an lá ar fad agus bhí muid uile bailithe le chéile agus bhí an spiorad uile ann.

 

Niall: Agus an raibh mórán béime ar chúrsaí Gaeilge ansin? An cuimhin leatsa daoine ag labhairt Gaeilge nuair a bhí tú óg, nó b’fhéidir nár smaoinigh tú air?

 

Aoife: Caithfidh mé a rá nach raibh. Anois in Ard Mhacha leis an Chultúrlann, tá níos mó ann. 

Short url:   https://multidict.net/cs/2654