This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Comhrá faoin chluiche ag An Carn (POOLS3-1)

Gráinne: Dia ár sábháil a Joe, chaill tú amach ar chluiche iontach aréir.

Joe: Ar chaill, cé a bhí ag imirt?

Gráinne: Foireann faoi 16 Shliocht Néill in éadan Bhaile na Scríne ansin.

Joe: Cé a bhain?

Gráinne: Bhain muidne sa deireadh, ach cluiche deacair a bhí ann, caithfidh mé a rá.

Joe: Iontach maith, cé a bhí maith do Shliocht Néill?

Gráinne: Bhí an ghirseach óg sin Erin Ní Bhroin sa chúl baire iontach maith, rinne sí go fíor-mhaith ar fad. Sílim go raibh 10 bpointe eatarthu sa deireadh.

Joe: Iontach maith, iontach maith, agus cá háit a raibh an cluiche?

Gráinne: Bhí sé againn i mBaile an tSuaitrigh ansin, agus...

Joe: An raibh rud ar bith ag tarlú sa chlub ina dhiaidh a Ghráinne?

Gráinne: Ní raibh, níl a fhios agam, cad é...

Joe: Agus cén babhta den chraobh a bhí ann?

Gráinne: Cluiche ceannais na craoibhe.

Joe: Ó iontach maith, buaiteoirí Dhoire.

Gráinne: Buaiteoirí Dhoire, agus sílim féin go stadann sé ansin, ní bhíonn sraith Uladh acu.

Joe: Nach mbíonn?

Gráinne: Ní bhíonn.

Joe: Is mór an trua sin, tá foireann iontach laidir acu, an bhfuil?

Gráinne: Tá, tá.

Joe: Is mór an trua sin.

Gráinne: Tá súil againn anois go mbeidh na cáilíní sin ag leanstan tríd go dtí an fhoireann sinsir.

Short url:   https://multidict.net/cs/3034