This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Ag socrú ranganna ceoil ag An Carn (POOLS3-2)

Joe: Tá Dermy ar shiúl, tá Dermy ag imeacht.

Gráinne: Tá seisean ag imeacht.

Niall: Cá háit a bhfuil sé ag dul?

Joe: Turas.

Gráinne: Tá sé ag dul thart ar an Astráil, nó Meiricea.

Niall: Lauren Ní Néill, as Gleann an Iolair atá ag dul don Ghaeilge agus don cheol i Mag Aoidh.

Joe: Cén uirlis atá aici?

Niall: Clairseach, feadóg stain, now an t-aon rud amháin, bheadh sí ábalta ranganna ginearálta a ghlacadh ach más teagascóir ceoil atá i gceist, Jesus, níl a fhios agam cé!

Gráinne: Bíonn na ranganna anseo Dé Máirt.

Niall: Tá mo dhuine atá, insan... i mbun Rang 6, Jack Warnock, an bhfuil Gaeilge aigsean?

Gráinne: Tá Gaeilge aige.

Joe: Bíonn Jack ag teagasc liom.

Niall: An mbíonn? Agus cad é faoi dhaoine, tá mé ag iarraidh a bheith ag smaoineamh faoi dhuine ar bith eile a bheadh ábalta teacht isteach. An bhfuil duine agaibh don fheadóg stain?

Joe: Tá Caoimhe Ní Néill againn.

Niall: Caoimhe, áidh, thiocfadh Caoimhe isteach.

Joe: Caoimhe...go mbeadh sí ag dul chuig an ollscoil.

Niall: Sin an deacracht nuair a imíonn cuid mhór mhaith acu bíonn sé iontach doiligh daoine a choinneáil, go háirithe i rith na seachtaine daoine a thabhairt ann leis na ranganna a ghlacadh. Tá mé ag iarraidh a bheith ag smaoineamh an bhfuil duine ar bith eile, thart faoin aois sin. Bheadh Lauren iontach maith like, thiocfadh le Lauren an clairseach a ghlacadh agus an fheadóg stain, agus ansin tá deirfiúr s’aici Shona, an bhfuil aithne agatsa ar Shona.

Gráinne: Tá aithne agamsa uirthi.

Niall: Tá Gaeilge réasúnta ag Shona.

Gráinne: Bhí sise ag dul don mhúinteoireacht.

Niall: Tá sin déanta, tá post aici anois in tá a fhios agat an scoil sin Carhill taobh amuigh de Bhaile an tSuatraigh, dhá lá sa tseachtain, ach tá sise, bíonn sise ag teagasc an ghiotair agus amhráin i rith na seachtaine, bheadh sise maith.

 

Short url:   https://multidict.net/cs/3035